Féile na Coille 2022 ag Ceiliúradh “Wood from the Trees” ar siúl an Deireadh Seachtaine seo
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit le freagracht as Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh fhilleadh Fhéile na Coille an deireadh seachtaine seo.
Ag labhairt dó roimh an ócáid, dúirt an tAire Hackett,
“Táim ag tnúth go mór le freastal ar Fhéile na Coille 2022. Is deis iontach é dóibh siúd a bhfuil baint acu le foraoiseacht na buntáistí a bhaineann le foraoisí don aeráid, don gheilleagar agus don tsochaí a chur ar taispeáint. Tá clár na bliana seo lán de chainteanna, de shiúlóidí agus de thaispeántais suimiúla foraoiseachta; is lá iontach teaghlaigh é freisin le go leor gníomhaíochtaí do leanaí.
Lonnaithe ar thailte Eastát Chluain Mhalais, An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin tá gníomhaíochtaí éagsúla ag an bhféile, lena n-áirítear taispeántais bheo, sraith siúlóidí agus cainteanna foraoise, agus réimse siamsaíochta do theaghlaigh. Tá cead isteach saor in aisce do chách, ní theastaíonn ticéad ach beidh táille páirceála gluaisteáin €10 i gceist agus tá sé á reáchtáil ag Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair le maoiniú ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tríd an Scéim Maoinithe um Thacaíocht do Choillearnacha. Is é téama na bliana seo “Come See the Wood from the Trees” agus is seans é don phobal agus do dhaoine a oibríonn i bhforaoiseacht teacht le chéile agus ár bhforaoisí a cheiliúradh.
Tógann an fhéile ar an méid a baineadh amach ag Féile na Coille 2019 a mheall 3,500 cuairteoir. Is é aidhm na féile feasacht a mhúscailt maidir leis na buntáistí a bhaineann le crainn agus coillearnacha, daoine a spreagadh le spéis a bheith acu i gcrainn, agus foghlaim faoi na buntáistí ilfheidhmeacha a bhaineann le foraoisí.
Dúirt an tAire Hackett,
“Táim cinnte go mbeidh féile na bliana seo thar barr. Tá sí ag teacht leis an obair atá á déanamh ag mo Roinn trí Thionscadal na gCoillearnach, trí Chomhfhís Náisiúnta nua do Fhoraoisí a fhorbairt, agus trí Straitéis Foraoise nua. Seolfar an Clár Foraoiseachta nua i mí Eanáir agus tabharfaidh sé deis do theaghlaigh feirme a sruthanna ioncaim a mhéadú agus a éagsúlú.”
Mar chuid den lá beidh taispeántais bheo maidir le tanú, feabhsú coillearnaí, sábhmhuilleoireacht, tascanna adhmaid, scealpadh adhmaid, beachaireacht, oibreoirí sábh slabhrach agus snoíodóireacht, eastóscadh adhmaid ar scála beag, scileanna coillearnaí, siúlóidí agus cainteanna, cluichí, seastáin eolais, táirgí adhmaid, bia, ceardaíocht, siamsaíocht teaghlaigh agus go leor eile.
Dúirt an tAire Hackett,
“Tá súil agam go bhfágfaidh daoine an fhéile le tuiscint níos fearr acu ar fhoraoisí; cibé acu leathanduilleach nó buaircíneach iad, na buntáistí a bhaineann leis an dá cheann, éagsúlacht an dá cheann, bithéagsúlacht an dá cheann, cad atá i gceist leis na coillte seo a bhainistiú, agus cén t-ioncam is féidir leo a ghiniúint. Tá an-áthas orm freastal ar Fhéile na Coille agus ba mhaith liom obair Chomharchumann Foraoiseachta an Iarthair a mholadh.”
Tugadh tacaíocht do Chomharchumann Foraoiseachta an Iarthair d'Fhéile na Coille trí mhaoiniú faoi théama 2 den Scéim Maoinithe um Thacaíocht do Choillearnacha ‘Tacú leis na buntáistí a bhaineann le coillearnacha, díriú ar fheirmeoirí, agus/nó rannpháirtíocht an phobail agus/nó folláine ghinearálta agus aird a tharraingt orthu'.
Beidh Féile na Coille 2022 ar siúl idir 12 meán lae agus 6pm Dé Domhnaigh an 28 Lúnasa 2022 ag Eastát Chluain Mhalais, An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://woodlandfestival.ie/