Fógraíonn an tAire Humphreys cistiú breis agus €380,000 chun tacú le Cúramóirí Teaghlaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, inniu (Dé Céadaoin, an 6 Deireadh Fómhair) tacaíochtaí ar fiú €380,000 iad do chúramóirí teaghlaigh fud fad na tíre.
Tacóidh an cistiú, a fógraíodh ar ‘Lá Eorpach na gCúramóirí’, le cúramóirí trí scileanna digiteacha nua a fhoghlaim atá in ainm is filleadh ar fhostaíocht íoctha a éascú.
Áireofar leis seo oiliúint ar líne sna meáin shóisialta, TFC, cianoibriú agus CV a ullmhú.
Cuirfear cistiú ar fáil freisin chun ‘Bainisteoir Folláine Cúramóra Óig a cheapadh a sholáthróidh an tacaíocht phraiticiúil chun tacú le cúramóirí óga.
Cuirfear an cistiú breise seo ar fáil, faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin, do Chomhaontas Chúramóirí Éireann agus Cúramóirí Teaghlaigh Éireann.
Dúirt an tAire Humphreys agus an fhógairt á déanamh aici:
“De réir mar a dhéanaimid ceiliúradh ar ‘Lá Eorpach na gCúramóirí, tá gliondar croí orm cistiú breise níos mó ná €20,000 de thacaíochtaí do chúramóirí fud fad na tíre a fhógairt.
“Cuirfear breis agus €180,000 ar fáil do Chomhaontas Chúramóirí Éireann. Úsáidfear an cistiú seo chun tacú le cúramóirí trí scileanna digiteacha a fhorbairt a chabhróidh leo i dtaobh uasoiliúna agus a bhainfidh fostaíocht nua amach sa todhchaí.
“Tá lúcháir orm freisin €200,000 a sholáthar do Chúramóirí Teaghlaigh Éireann. Cisteoidh an infheistíocht seo tionscnaimh nua a chuireann folláine chúramóirí óga chun cinn go sonrach.
“Mar shampla, ceapfar Bainisteoir Folláine Cúramóirí Óga. Beidh an duine seo ar fáil le tacaíochtaí a sholáthar dár gcúramóirí óga má agus nuair a theastaíonn siad uathu.”
Dúirt an tAire freisin:
“Bhí ár gcúramóirí thíos le bliain thar a bheith dúshlánach mar gheall ar Covid-19.
“Agus is eol dom gur bhraith ár gcúramóirí óga uathu an t-idirghníomhú pearsanta agus na piarthacaíochtaí a chabhraíonn leo déileáil lena bhfreagrachtaí cúraim.
“Is oiriúnach, ar an ábhar sin, go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh in Éirinn, agus ar fud na hEorpa, ar an ról atá á ghlacadh ag ár gcúramóirí inniu.
“Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhaontas Chúramóirí Éireann, Cúramóirí Teaghlaigh Éireann agus lenár n-eagraíochtaí Cúramóirí go léir don obair thábhachtach a dhéanann siad.”
Cuirtear in Achtanna na gCuntas Díomhaoin, 2001-2012, sa mhullach ar an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe, 2003 creat ar fáil chun cuntais neamhéilithe a riar in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus chun polasaithe árachais saoil neamhéilithe a riar i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntais nó polasaí a athaontú lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó i ngnóthais árachais agus, ina leith seo, tá ar na comhlachtaí seo dul i mbun beart le húinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil nár éilíodh a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
Chun an úsáid is fearr a bhaint as na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe nár éilíodh, tugadh scéim isteach sa reachtaíocht freisin chun cistí a íoc amach nach dóchúil go n-éileofar iad ó chuntais dhíomhaoine agus polasaithe nár éilíodh ar mhaithe le bearta chun cabhrú le:
Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí réimse tacaíochtaí ar fáil do chúramóirí teaghlaigh, Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúraim Baile agus an Deontas Tacaíochta Curamóra san áireamh. Is é an caitheamh measta iomlán ar na scéimeanna seo don bhliain 2021 beagnach €1.5 billiún.