Seolann an tAire Heydon Insamhlóirí Beostoic nua
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Raithín an Uisce, d’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Sábháilteacht Feirme sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, seoladh 11 insamhlóir laonna agus 11 insamhlóir insteallta le húsáid i gcoláistí talmhaíochta Teagasc agus ionaid taighde agus nuálaíochta.
Tá múnlaí taispeána de na hionsamhlóirí nua ar taispeáint ag seastán Teagasc ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.
Ag labhairt dó ó sheastán Teagasc, dúirt an tAire Stáit Heydon:
“Bhí beostoc i gceist le beagnach duine amháin as gach cúigear a bhásaigh ar fheirmeacha na hÉireann le deich mbliana anuas agus is beostoc atá freagrach chomh maith as breis is leath de na teagmhais neamh-mharfacha go léir. Cuirfidh na hionsamhlóirí seo timpeallacht shábháilte ar fáil do mhic léinn inar féidir leo a scileanna láimhseála beostoic a fhorbairt sula dtéann siad ar aghaidh go dtí go mbíonn siad ag obair le hainmhithe beo.”
Chuir an tAire Heydon leis an méid seo ag rá:
“Tá sé tábhachtach go mbeadh na scileanna riachtanacha ag an gcéad ghlúin eile d’fheirmeoirí maidir le ba a bhreith agus eallach a instealladh chun na tascanna seo a dhéanamh go sábháilte. Táim ar bís an infheistíocht seo in insamhlóirí a mhaoiniú a chuirfidh go mór le cumas Teagasc oiliúint fheabhsaithe a chur ar fáil sna scileanna ríthábhachtacha seo i riar beostoic. Tógfaidh sé ar an infheistíocht a rinne mé in insamhlóirí innealra feirme do choláistí talmhaíochta anuraidh.”
Beidh na hionsamhlóirí beostoic ar fáil do mhic léinn a atá i mbun cúrsaí ag na coláistí talmhaíochta agus na hionaid taighde agus nuálaíochta beostoic, agus chomh maith céanna do mhic léinn in ollscoileanna agus ollscoileanna teicneolaíochta a úsáideann na háiseanna seo le haghaidh foghlama praiticiúla.
Dúirt an Dr Anne Marie Butler, Ceann Oideachais Teagasc go dtugann thart ar 4,200 mac léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha agus 1,380 mac léinn eile san ardoideachas faoi oiliúint phraiticiúil i gcoláistí agus in ionaid talmhaíochta. Meastar go dtagann 85% de na mic léinn seo ó fheirmeacha beostoic, rud a léiríonn ábharthacht rochtana ar na hionsamhlóirí bó-ainmhithe. Beidh na hionsamhlóirí bó-ainmhithe ar fáil freisin do ghrúpaí feirmeoirí ar mian leo cur lena mbonn scileanna a bhaineann le laonna bó agus scileanna insteallta.
CRÍOCH