Tairseach Tríú Tír Theastas Digiteach COVID an AE - síneadh go dtí an Bhreatain Mhór
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis rolladh amach Theastas Digiteach COVID an AE in Éirinn, coicís ó shin, chuir an Rialtas seirbhís eile leis chun a chur ar chumas sealbhóirí pas Éireannacha a vacsaíodh i dTuaisceart Éireann iarratas a dhéanamh ar dheimhniú. Amárach, Dé hAoine an 15 Deireadh Fómhair, leathnóidh an tseirbhís seo chuig sealbhóirí pas Éireannacha a bhfuil cónaí orthu sa Bhreatain Mhór chomh maith leis an tseirbhís dóibh siúd a vacsaíníodh i dTuaisceart Éireann.
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD roimh an bhforbairt seo ag rá:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil tairseach Tríú Tír Theastas Digiteach COVID an AE inrochtana do shealbhóirí pas Éireannacha atá a vacsaíníodh i dTuaisceart Éireann agus, ó amárach, i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, tar éis oibriú le comhpháirtithe ar fud an Rialtais. Tá tairseach an Tríú Tír á chur ar fáil do shealbhóirí pas Éireannacha ar bhonn céimnithe, agus le 8,000 deimhniú eisithe cheana dóibh siúd a vacsaíníodh i dTuaisceart Éireann, tacóidh an tseirbhís seo le taisteal scaoilte agus sábháilte do shealbhóirí pas Éireannacha laistigh den AE."
Glacfar le hiarratais ó dhaoine aonair 18 mbliana d’aois agus níos sine a bhfuil pas bailí Éireannach acu agus teastas vacsaínithe (lena n-áirítear cód bailí QR) le haghaidh cineál vacsaín atá údaraithe faoi láthair le húsáid in Éirinn lena n-áirítear:
Beidh an tseirbhís inrochtana ag covidcertificateportal.gov.ie
Déanfar an tseirbhís a leathnú tuilleadh le go mbeidh sí ar fáil do shealbhóirí pas Éireannacha a vacsaíníodh lasmuigh den AE i mí na Samhna.
Dúirt an tAire Stáit um Sholáthar Poiblí agus r-Rialtas, Ossian Smyth TD:
“Mar Aire r-Rialtais táim an-sásta gur éirigh linn a thaispeáint chomh héifeachtach sin conas is féidir teicneolaíocht a úsáid chun tacú le rochtain ar thaisteal agus fáilteachas do dhaoine a vacsaíníodh in Éirinn. Tá an-áthas orm anois go bhfuilimid in ann an tseirbhís agus an deis seo a leathnú chuig saoránaigh Éireannacha a vacsaíníodh lasmuigh den Stát."
D’fháiltigh an tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy TD, roimh an bhfógra thar ceann an Diaspóra, ag rá:
“Táthar chun Teastas Covid Digiteach an AE a leathnú chuig baill de dhiaspóra na hÉireann sa Bhreatain agus tá an-fháilte roimhe. Tá rolladh amach breise na seirbhíse seo mar chuid de thiomantas an Rialtais don Diaspóra ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar bhacainní atá orthu filleadh abhaile agus fáil réidh leis na bacainní sin. Tá a fhios agam go gcuirfidh pobail na hÉireann ar fud an domhain fáilte chroíúil roimh leathnú breise DCC an AE chuig saoránaigh Éireannacha lasmuigh den AE i mí na Samhna."
CRÍOCH
Agus rochtain á fháil acu ar an tseirbhís, iarrfar ar iarratasóirí an cód QR ar an deimhniú vacsaínithe a uaslódáil. Moltar d’iarratasóirí an comhad bunaidh PDF ina bhfuil an cód QR infhíoraithe a uaslódáil, ag cinntiú nach bhfuil an íomhá doiléir.
Cuireadh líne chabhrach don Teastas Digiteach COVID i bhfeidhm chun seirbhís a sholáthar don phobal chun a dTeastas Digiteach COVID AE a iarraidh. Ó seoladh í i mí Iúil níos luaithe i mbliana, leathnaíodh an tseirbhís seo chun roinnt tairseacha féinseirbhíse ar líne a áireamh agus cainéal WebChat le déanaí. Tá leathnú na seirbhíse seo chun ilbhealaí cumarsáide a áireamh ag teacht le tiomantas an Rialtais do sholáthar seirbhísí digiteacha inrochtana.