Deimhníonn an Rialtas agus Grúpa BEI tacaíocht do Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ísealchostais nua
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Rialtas agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ar chomhaontú inniu lena réitítear an bealach d’iasachtaí uasghrádaithe tí a ngabhann ús íseal leo agus a dtacaíonn an Rialtas leo. Is é atá sa chomhaontú, ar shínigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus an Dr Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, é, ná garsprioc ollmhór i bhforbairt na scéime iasachta, rud a mbeidh acmhainní ó Ghrúpa BEI mar bhonn agus thaca aige.
Tá an scéim €500 milliún ar an gcéad cheann dá cineál riamh d’Éirinn agus do Ghrúpa BEI araon. Imreoidh sí ról ríthábhachtach i gcabhrú le húinéirí tí infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh, agus a dteach á dhéanamh níos teo agus níos saoire le téamh agus ag cabhrú le hastaíochtaí a laghdú ag an am céanna. Beidh úinéirí tí in ann méideanna idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht ar bhonn neamhurraithe ar feadh téarma suas le deich mbliana. Beidh na rátaí úis i bhfad níos ísle ná iad sin atá ar fáil ar an margadh faoi láthair mar thoradh ar an ráthaíocht iasachta ó Ghrúpa BEI agus mar thoradh ar fhóirdheontas ráta úis atá á chistiú ag an Rialtas.
Féadfar na hiasachtaí a úsáid le haghaidh uasghráduithe cuimsitheacha éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite i gcás go bhfuil cúnamh deontais ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) á fháil le haghaidh na n-oibreacha sin freisin. Leis na hiasachtaí, cabhrófar leis na dúshláin airgeadais a laghdú do mhórán úinéirí tí, agus uasghráduithe fuinnimh tí á ndéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne.
Beidh an scéim á soláthar ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SCBI), a bheidh ag fógairt glao oscailte ar ball ina dtabharfar cuireadh d’iasachtóirí chun páirt a ghlacadh sa scéim. Beidh úinéirí tí in ann iarratas a dhéanamh ar na hiasachtaí faoi mhíonna tosaigh na bliana seo chugainn trí iasachtóirí miondíola rannpháirteacha. Beidh tuilleadh mionsonraí faoi na rialacha incháilitheachta agus faoi ghnéithe oibríochtúla eile den scéim ar fáil ag an am sin.
Féadfaidh daoine ar mhaith leo iarfheistiú domhain a ghabháil de láimh nó ar féidir gurbh fhearr leo bearta aonair a ghabháil de láimh, mar shampla ballaí seachtracha a insliú nó teaschaidéal a shuiteáil, na hiasachtaí sin a úsáid.
Féadfaidh na daoine atá sa bhaol is mó bochtaineacht fuinnimh a fhulaingt leas a bhaint fós as uasghráduithe fuinnimh lánchistithe faoin Scéim um Thithe Níos Teo. Mar thoradh ar an bhfáil ar iasachtaí ísealchostais, cuirfear feabhas ar an méid atá na daoine sin atá os cionn na tairsí incháilitheachta ach nach bhfuil ar a n-acmhainn na hiarfheistithe a chistiú iad féin in ann a dteach a uasghrádú.
Ag labhairt dó ag an gcruinniú, dúirt an tAire Ryan:
"Tá an scéim rínuálach seo ar an gcéad cheann dá cineál riamh d’Éirinn agus do Ghrúpa BEI araon. Is é an toradh a bheidh ar na hiasachtaí ísealchostais seo a thabhairt isteach ná go gcomhlánófar an tsraith reatha deontas ó SEAI agus go gcabhrófar le hiarfheistithe a dhéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne d’úinéirí tí ar fud na tíre. Tá an bunathrú tithe chun feabhais á fheiceáil againn cheana féin. Tá an líon iarfheistithe ar an mbóthar ceart i mbliana chun dul thar ár spriocanna agus, de bharr na hiasachta seo, tá súil againn go leanfaidh an líon ag dul san aon treo amháin – suas.
"Dhearamar na hiasachtaí agus aird á tabhairt ar riachtanais na n-úinéirí tí. Beifear in ann iad a rochtain ar bhealach simplí tapa, agus béim á cur ar an ualach riaracháin atá ar úinéirí tí a laghdú agus iad ag iarraidh iasachtaí agus deontais a rochtain. Dá bharr sin, beidh úinéirí tí in ann díriú ar a dteach a dhéanamh níos teo agus níos barainní, agus ní ar an bpáipéarachas."
Dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:
"Tá iarfheistithe tí ina gcuid ríthábhachtach dár spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach maidir le gníomhú ar son na haeráide. Is é atá sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ná comhoibriú tábhachtach idir an Rialtas agus forais airgeadais phoiblí agus phríobháideacha, rud lena gcruthaítear scéim nuálach atá comhdhéanta de ráthaíocht iasachta €500 milliún agus d’fhóirdheontas ráta úis agus a d’fhéadfadh an leibhéal gníomhaíochta iarfheistithe a theastaíonn a spreagadh trí tháirgí inacmhainne a chur ar fáil d’úinéirí tí agus do thiarnaí talún beaga.
"Fáiltím roimh an bhfíric go soláthróidh Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann an scéim trí iasachtóirí rannpháirteacha ar aghaidh. Táim ag súil leis an méid a chuirfidh sí le héachtaí na scéimeanna eile go dtí seo a thacaigh le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud na hÉireann.
"De bhreis ar obair agus gealltanais na n-oifigeach sa Roinn seo, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don mhéid mór oibre a rinne an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta chun an scéim nuálach seo a fhorbairt, rud atá ina léiriú ar thiomantas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta d’ionstraimí nuálacha a mhaoiniú le haghaidh gníomhú ar son na haeráide. Fáiltím freisin roimh an infheistíocht seo ón mbanc, atá ina léiriú ar a chaidreamh rathúil le hÉirinn ar fud príomhréimsí éagsúla ar son an gheilleagair agus ar son ár dtodhchaí."
Dúirt Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta:
"Tá áthas ar an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ar an gCiste Eorpach Infheistíochta dul i bpáirt le comhpháirtithe Éireannacha chun tacú leis na hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh atá ag teastáil go géar agus lena laghdófar astaíochtaí agus billí fuinnimh do theaghlaigh. Is réiteach é a bhfuil buntáiste ag úinéirí tí agus ag an bpláinéad araon ann."
Dúirt June Butler, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann:
"Is é atá i síniú an chomhaontaithe inniu idir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Grúpa BEI ná léiriú ar thiomantas comhroinnte an Rialtais agus BEI do thacú le maoiniú ísealchostais fadtéarmach a sholáthar le haghaidh uasghráduithe fuinnimh i dtithe – rud atá ina bheart bunriachtanach chun úinéirí tí a spreagadh chun na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh agus a n-astaíochtaí a laghdú.
"Táimid ag súil le hobair i gcomhar le hiasachtóirí cáilitheacha chun iasachtaí a dháileadh ar úinéirí tí tríd an scéim seo. Tá an Rialtas agus an tAontas Eorpach ag tabhairt acmhainní suntasacha don tionscnamh seo, agus is é an ról atá againne i gCorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann ná na hacmhainní sin a thiontú ina maoiniú tarraingteach inrochtana d’úinéirí tí, rud nach mbeadh ar fáil dóibh murach sin."
Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
"Tá ríméad orainne in Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) a bheith ag glacadh páirt sa mhórthionscnamh Rialtais seo. Cabhróidh an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí le húinéirí tí maoiniú úis ísil a rochtain agus, i dteannta na ndeontas suntasach rialtais atá ar fáil ó SEAI le haghaidh uasghráduithe, cuirfidh sí ar chumas níos mó úinéirí tí a dteach a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.
"Leis an scéim seo, atá ar an gcéad cheann dá cineál riamh, cabhrófar le húinéirí tí feabhas a chur ar chompord, costais fuinnimh a laghdú agus astaíochtaí carbóin a ísliú, rud a chabhróidh linn ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus an bealach a réiteach le haghaidh todhchaí a bheidh saor ó bhreoslaí iontaise."
CRÍOCH
Leagtar amach sa Phlean Náisiúnta Iarfheistithe conas a chomhlíonfaidh an Rialtas ár spriocanna iarfheistithe. Tá an plean ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar iarfheistiú ar fud ceithre phríomhcholún: éileamh agus gníomhaíocht a bhrú chun cinn; maoiniú agus cistiú; slabhra an tsoláthair, scileanna agus caighdeáin; agus rialachas. I gcás gach colúin, sainaithníodh bacainní agus cuireadh beartais, bearta agus gníomhartha atá faoi theorainn ama i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt orthu.
Is é atá sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ná an gealltanas is déanaí a tugadh faoin bplean atá comhlíonta. Mar thoradh ar chur chun feidhme an Phlean Iarfheistithe, tá méadú an-suntasach tagtha ar uasghráduithe fuinnimh tí a sholáthar agus táthar ag súil leis go ndéanfar níos mó ná an sprioc 37,000 uasghrádú i mbliana.
Is iad seo na príomhstaitisticí le haghaidh Scéimeanna Cónaithe agus Pobail SEAI (lena n-áirítear grianphainéil fhótavoltacha) don bhliain seo go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair:
Bhunaigh an Roinn Airgeadais Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) i mí Mheán Fómhair 2014 chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn ar roghanna cistiúcháin a bheadh cobhsaí, fadtéarmach agus ar chostas níos ísle. Trí thacaíocht agus cabhair a thabhairt chun margadh éifeachtach creidmheasa a fhorbairt le haghaidh maoiniú fiontar beag agus meánmhéide, cinntíonn CBSÉ go bhfuil sé níos fusa d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide rochtain a fháil ar an maoiniú a theastaíonn uathu chun dul faoi bhláth agus gníomhaíocht gheilleagrach a thógáil in Éirinn.
Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) údarás fuinnimh náisiúnta na hÉireann a infheistíonn i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus a sholáthraíonn réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Oibrímid i gcomhar leis an Rialtas, le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail chun é sin a bhaint amach trí shaineolas, trí chistiú, trí chláir oideachais, trí chomhairle beartais, trí thaighde, agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt.
Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide