FÍSEÁN: Cuireann An tAire McConalogue I gCuimhne d’Úinéirí Madraí a bheith Airdeallach Le Linn Séasúr Breithe na nUan
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., fógra de chuid na Roinne Talmhaíochta a athsheoladh inniu, ag cur i gcuimhne d’úinéirí madraí go bhfuil ciapadh caorach ag madraí ina chúis imní chomh mór is a bhí riamh, go háirithe le linn séasúr breithe na n-uan.
Dúirt An tAire,
“Cuireann ciapadh caorach strus ollmhór agus gan ghá ar fheirmeoirí. Is cuimhin le go leor againn fógra 1984 le “Bonzo” an madra, a bhfuil a théama fós chomh ábhartha inniu is a bhí sé siar sna 1980í. Gach bliain, bíonn cead ag madraí rith saor agus tá siad ina mbagairt do chaoirigh. Is féidir le peataí neamhshrianta tréad a scrios, le tuairiscí le tabhairt le tuiscint go ndéantar suas le 4,000 caora a mharú nó a ghortú go dona in ionsaithe madraí gach bliain. Tá úinéirí peataí freagrach as a chinntiú go mbíonn a gcuid madraí faoi smacht i gcónaí.”
Is féidir le ciapadh caorach tarlú ag am ar bith den bhliain ach bíonn an-fhadhb ann nuair a tharlaíonn sé le linn séasúr breithe na n-uan. Beirtear suas le 2.5 milliún caora ar fud na tíre gach Earrach. Tá tréadanna caorach an-leochaileach d’ionsaithe madraí ag an am criticiúil seo, agus go háirithe le linn na hoíche.
Dúirt An tAire freisin,
‘‘Caithfidh úinéirí cuimhneamh gur féidir le fiú an peata teaghlaigh is ciúine caoirigh a mharú nó a ghortú go dona má ligtear dóibh fánaíocht. Ná lig do mhadra amach gan mhaoirsiú riamh, go háirithe san oíche.”
D’áitigh An tAire orthu siúd a chónaíonn i gceantair thuaithe nó in aice leo a bheith níos airdeallaí fós.
Tá an físeán ar fáil ar YouTube ag an nasc seo a leanas: https://youtu.be/0EZvqTt9zoc
CRÍOCH