Fliú Éanúil H5N1 deimhnithe in ealta turcaithe i Muineachán
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gur aithin torthaí tástála fianaise d'Fhliú Éanúil H5N1 i samplaí ó ealta turcaithe i gCo. Mhuineacháin. Mar thoradh air sin tá criosanna srianta á mbunú timpeall an cheantair ina gcuirfear bearta breise um rialú gluaiseachta agus faireachais i bhfeidhm.
Deimhníodh cheana go bhfuil Fliú Éanúil H5N1 an-phataigineach in éin fhiáine i roinnt contaetha ar fud na tíre le seachtainí beaga anuas. Aithníodh ráigeanna den fhliú éanúil an-phataigineach in ealtaí éanlaithe clóis san Iodáil, sa Pholainn, sa Ghearmáin, san Ísiltír, sa Danmhairg, san Ungáir, san Eastóin, sa tSeisnia, san Iorua, sa Bhulgáir, sa Bheilg agus sa Ríocht Aontaithe ó thús mhí Dheireadh Fómhair. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach bhfuil aon fhianaise ar riosca maidir le tomhaltas feola éanlaithe nó táirgí feola éanlaithe.
Dheimhnigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte, cé gur féidir le fochineál H5N1 a bheith ina chúis le galar tromchúiseach in éanlaith chlóis agus in éin eile, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe i ndaoine leis an víreas seo san Eoraip agus dá bhrí sin meastar go bhfuil an riosca do dhaoine an-íseal. D'ainneoin sin, moltar do bhaill an phobail, mar is gnách, gan éin fhiáine atá tinn nó marbh a láimhseáil agus éin fhiáine mharbha a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó teagmháil a dhéanamh le beolíne galar na Roinne ar 01 492 8026. Tá córas luathrabhaidh i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas ar chomharthaí galair in éin fhiáine.
Ba cheart d’úinéirí ealtaí éanlaithe a bheith airdeallach maidir le haon chomharthaí den ghlar ina n-ealtaí, dianbhearta bithshlándála a choinneáil agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach Roinne is gaire dóibh.
Treisíonn an Roinn an gá atá le faireachas agus bithshlándáil agus tugann sí comhairle cloí go docht leis na bearta réamhchúraim i gcoinne fliú éanúil (fliú na n-éan) a tugadh isteach le déanaí i rialacháin faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013.
Éilíonn na Rialacháin seo go gcuirfidh coimeádaithe gach ealta éanlaithe clóis (agus éan gafa eile) bearta bithshlándála ar leith i bhfeidhm, beag beann ar a méid, chun cabhrú le riosca an víris agus bearta breise bithshlándála feabhsaithe a chaithfear a chur i bhfeidhm in ealtaí 500 éan nó níos mó.
Chun an riosca scaipthe laistigh den earnáil éanlaithe clóis a mhaolú tuilleadh, tá rialacháin déanta ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013 lena gceanglaítear ar choimeádaithe ealtaí gach éan clóis agus gafa atá ina seilbh a choinneáil faoina smacht i bhfoirgneamh slán, nach bhfuil rochtain ag éin fhiáine nó ainmhithe eile air, agus bearta bithshlándála áirithe a chur i bhfeidhm.
Foráiltear leis na Rialacháin, dar teideal na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Éin a Ghaibhniú mar Réamhchúram) 2021, go dtiocfaidh bearta réamhchúraim i gcoinne fliú éanúil (fliú na n-éan) i bhfeidhm an 22 Samhain.
Leanann an Roinn ag déanamh dlúthfhaireacháin agus measúnaithe ar staid an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil go rialta le páirtithe leasmhara tionscail agus le comhghleacaithe i dTuaisceart Éireann.
Nótaí don Eagarthóir:
1. Cuirfear crios cosanta (PZ) 3km ar a laghad ón ngabháltas ionfhabhtaithe agus crios faireachais (SZ) 10km ar a laghad i bhfeidhm. Reáchtálfar daonáireamh ar gach gabháltas laistigh den PZ agus SZ agus cuirfear nósanna imeachta i bhfeidhm chun gluaiseachtaí éanlaithe beo, éin ghafa eile, uibheacha goir agus boird, easair úsáidte, aoileach agus sciodar ó ghabháltais éanlaithe clóis a rialú. Níl aon cheanglas ann gluaiseacht beatha éanlaithe a rialú ach amháin chuig áitribh “amhrasta” nó “ionfhabhtaithe”. Tá bearta bithshlándála i bhfeidhm maidir le gluaiseacht feithiclí seachadta beatha idir feirmeacha éanlaithe sna Criosanna Srianta (PZ & SZ) áfach
2. Aithníodh Fliú Éanúil Ard-phataigineach H5N1 in éin fhiáine i nGaillimh, Luimneach, Uíbh Fhailí, Dún na nGall, Ros Comáin, Tiobraid Árann, Loch Garman agus Port Láirge le seachtainí beaga anuas.
3. Is iad na nIonstraimí Reachtúla a tugadh isteach le déanaí ná Rialacháin Fliú Éanúil (Bearta Bithshlándála) 2021 agus Rialacháin Fliú Éanúil (Srian ar Thionól Éan Beo) 2021
4. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fhliú éanúil a fháil anseo: Avian influenza - Bird Flu
5. I measc na gcomharthaí cliniciúla ar chóir do choimeádaithe éanlaithe clóis a lorg ina gcuid éan tá ceann ata, dídhathú ar an muineál agus an scornach, cailliúint goile, anacair riospráide, buinneach agus níos lú uibheacha á mbreith - cé go n-athraíonn siad seo idir speicis éan.
6. Má tá amhras ort go bhfuil galar i d'ealta féin, cuir in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire nó glaoigh ar an Líne Chabhrach um an Fhliú Éanúil: 01 607 2512 (Lasmuigh de ghnáthuaireanta Oifige: 01 492 8026).
7. Má aimsíonn tú éin fhiáine mharbha mar lachain fhiáine, géanna fiáine, eala, faoileáin nó éin chreiche, ná láimhseáil na héin. Tuairiscigh na torthaí don Roinn mar atá thuas.
8. Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a gcuid sonraí teagmhála ar fáil ag: http://www.agriculture.gov.ie/contact/