Fliú Éanúil HPAI H5N1 deimhnithe sa dara ealta turcaithe i Muineachán
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe inniu ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gur aithníodh an Fliú Éanúil Ardphataigineach (HPAI) H5N1 i samplaí ón dara ealta turcaithe i gCo. Mhuineacháin.
De barr an deimhnithe seo, beidh méadú beag ar na zóin eisiaimh Fliú Éanúil atá ann faoi láthair. Ní cheadaítear éanlaith chlóis agus táirgí éanlaithe a bhogadh laistigh agus tríd na zóin seo mura bhfuil ceadúnas ann ón RTBM. Tá na ceadúnais seo i bhfeidhm chun an riosca a laghdú go mbeidh tuilleadh leata den ghalar. Tá ceangal dlí ar úinéirí éanlaith chlóis laistigh de na zóin eisiaimh cloí leis na riachtanais zóin seo.
An rud is tábhachtaí chun éanlaith chlóis agus ealta cúbarnaí a chosaint ó ghalar ná aird a dhíriú ar dhianbhithshlándáil. Molann an Roinn go leanfar ag cloí go géar leis na bearta réamhchúramacha in aghaidh an fhliú éanúil a tugadh isteach go déanaí i rialacháin faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013.
Faoi na Rialacháin seo, ní mór do gach úinéir a bhfuil ealtaí agus éanlaith chúbarnaí ina seilbh acu nó faoina smacht acu, iad a choimeád istigh i bhfoirgneamh sábháilte nach bhfuil rochtain ag éin fhiáine orthu ná ag ainmhithe eile, agus ní mór dóibh bearta áirithe bithshlánála a chur i bhfeidhm.
Ba chóir d’úinéirí ealta éanlaith chlóis a bheith ar a n-aire ar aon chomharthaí galair ina gcuid ealta, agus má tá a leithéid de chomharthaí ann, é sin a chur in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is cóngaraí de chuid na Roinne.
Tá sé deimhnithe ag an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil riosca an-íseal ann do dhaoine ón bhfochineál H5N1 cé go gcruthaíonn sé galar tromchúiseach in éanlaith chlóis agus in éin eile.
Moltar don phobal, áfach, gan lámh a leagadh ar éin mharbh nó tinn, agus madraí a choimeád ar iall in áiteanna ina bhfuil éin tinn nó marbh. Ní mór a lua nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil riosca ag baint le héineoil a ithe, ná le táirgí éineola ná le huibheacha.
Leagann an Roinn béim ar an ngá atá ann bheith san airdeall agus bearta bithshlándála a leanúint. Leanann sí uirthi monatóireacht ghéar agus measúnú a dhéanamh ar chúrsaí agus tá sí i dteagmháil go rialta le páirtithe leasmhara san earnáil.
1. An teideal atá ar na hIonstraim Reachtúla ná Rialacháin Fliú Éanúil (Bearta Bithshlándála) 2022 agus Rialacháin Fliú Éanúil (Gaibhniú Réamhchúramach Éan) 2022.
2. Cuirfear i bhfeidhm zón cosanta de raon 3km ar a laghad ón ngabháltas ina bhfuil an ionfhabhtú. Déanfar áireamh de gach gabháltas laistigh den PZ agus SZ agus cuirfear i bhfeidhm nósanna imeachta ceadúnaithe chun na nithe a leanas a rialú - gluaiseacht éanlaithe beo, éin chúbarnaí eile, uibheacha gorrtha agus boird, easair úsáidte, aoileach agus sciodar ó ghabháltais éanlaithe. Ní gá gluaiseacht bia d’éanlaithe a rialú mura bhfuil amhras ann go bhfuil ionfhabhtú sa ghabháltas. Mar sin féin, beidh bearta bithshlándála i bhfeidhm d’fheithiclí a sheachadaíonn bia d’éanlaith idir feirmeacha éanlaith chlóis sa HPRZ.
3. Tá tuilleadh eolais faoin bhfliú éanúil le fáil anseo: Avian influenza (bird flu)
4. Is iad na comharthaí cliniciúla ar chóir d’úinéirí éanlaith chlóis a bheith ar a n-aireachas futhu ná bás tobann, ceann ata, dídhathú den mhuineál agus den scornach, easpa goile, anacair análaithe, buinneach agus níos lú uibheacha á mbreith – ach braitheann na comharthaí seo ar an speiceas éin.
5. Má tá amhras ort go bhfuil galar ann i d’éanlaith féin, cuir in iúl é sin don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is cóngaraí duit nó cuir glaoch ar an Líne Chabhrach Fliú Éanúil: 01 607 2512 (Lasmuigh d’uaireanta oifige: 01 492 8026).
6. Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara mar aon lena sonraí teagmhála le fáil anseo: https://www.gov.ie/en/organisation-information/9dc27-contact-us/