Fógartha ag an Aire Josepha Madigan go bhfuil maoiniú breis is €1.85m ceadaithe d'ealaíona na hÉireann ar fud an domhain
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ríméad ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD a fhógairt, go bhfuil maoiniú breis is €1.85m ceadaithe ag Cultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain le linn na bliana 2020. Díreofar suim iomlán €875,800 d'fhonn a chur ar chumas 150 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíon de chuid na hÉireann tionscadail, ina gcuimsítear sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldrámaíochta, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona, a chur i láthair in 43 thír agus an cháil mhór atá ar Éirinn i dtaobh na cruthaitheachta de ar fud an domhain a fhorbairt tuilleadh.
Chomh maith leis sin cuimsítear suim iomlán €980,000 de mhaoiniúchán bliantúil sa bhronnadh chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn i gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta ar nós Litríocht Éireann, First Music Contact, Institiúid Scannán na hÉireann Idirnáisiúnta agus ionaid chultúir na hÉireann i bPáras agus is Nua-Eabhrac a bhíonn ag obair le Cultúr Éireann, d'fhonn cláir d'ealaíontóirí na hÉireann a chur i láthair thar lear.
Ag fógairt an bhronnta di inniu, dúirt an tAire Madigan:
"Faoi Éire Dhomhanda 2025 táimid ag obair i dtreo ár n-aidhme lorg cultúrtha na hÉireann ar fud an domhain a dhúbailt agus dá bhrí sin tá mo Roinnse dírithe, i gcomhar le Cultúr Éireann, ar thacú le healaíontóirí na tíre a gcuid saothair a chur os comhair lucht féachana agus éisteachta ar fud an domhain. Is moladh é ar bhua ealaíontóirí na hÉireann go roghnaítear iad go leanúnach lena gcuid saothair a chur i láthair ar na stáitsí is fearr ar fud an domhain, san Astráil, ar fud na hÁise agus na hEorpa, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Meiriceá Theas. Leanfaidh na comhlachtaí a bhfuil maoiniú le fáil acu in 2020 de thionchar mór a bheith acu chun ardán a thabhairt do bhannaí ceoil na hÉireann i bpríomh-mhargaí, ag cur scannáin na hÉireann ar an scáileán ar fud an domhain agus ag tacú le saothair scríbhneoirí na hÉireann a aistriú chun go mbeidh sé ar chumas níos mó daoine Litríocht na hÉireann a léamh."
Áirítear ar bhuaicphointí na dtionscadal atá á maoiniú taispeántais ó Anne-Marie O'Farrell agus Cormac De Barra i Hong Cong i Márta, a chuirfidh an chruit, uirlis náisiúnta ceoil na hÉireann, os comhair an phobail, le linn tréimhse den bhliain ina mbíonn béim ar leith ar chultúr na hÉireann. Mar gheall ar chomh maith is a d'éirigh leis in Éirinn cuirfear Incantata Ambasadóir Cultúir Paul Muldoon arna léiriú ag Féile Ealaíon na Gaillimhe agus Jen Coppinger ar stáitse ar feadh míosa sa Irish Repertory Theatre, i Nua-Eabhrac ó lár mhí Feabhra agus cuirfidh Teaċ Daṁsa MÁM os comhair an phobail i Londain, i Perth agus i Wellington in Earrach 2020 chomh maith le camchuairt Swan Lake, Loch na hEala chuig Taipei. Chomh maith le taispeántas aonair roinnt fhísealaíontóirí, cuirfidh Gailearaithe na hÉireann saothar ealaíontóirí as Éirinn i láthair ag príomhaontaí ealaíne, Art Basel, Hong Cong, Londain agus Dallas ina measc.
Ag leanúint leis an aidhm atá ag Cultúr Éireann GB18 naisc chultúir a cruthú leis an mBreatain, cuirfear Imagining Ireland: Words & Music le Serious i gcomhar leis an gCeoláras Náisiúnta ar stáitse sa Barbican i mí Feabhra, ina ndéanfar glórtha mná i litríocht, i gceol agus i bhfilíochta na hÉireann a cheiliúradh. Táthar ag tacú le cláir láidre d'ealaíontóirí as Éirinn sa London Irish Centre, Camden agus in Ionad Cultúir na hÉireann, Hammersmith.
Féach Culture Ireland chun liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu a fheiceáil.