Fógra ón Aire McConalogue go bhfuil iarratas ar Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint i leith “Achill Island Sea Salt” foilsithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu, tar éis Nós Imeachta Náisiúnta Freasúra agus grinnscrúdú a rinne a Roinn ar an iarratas chun Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (PDO) a bhaint amach do "Achill Island Sea Salt", go bhfuil an t-iarratas réidh anois len é a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach lena mheas.
“Achill Island Sea Salt” an t-ainm a thugtar ar shalann sáile a thógtar le lámh as uiscí timpeall ar Acaill, Co Mhaigh Eo, Éire.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá áthas orm go bhfuil iarratas eile do tháirge bia as Éirinn réidh le cur aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach chun stádas faoi chosaint a bhaint amach faoi scéimeanna Cáilíochta an AE. Is próiseas mionsonraithe agus fíorchúramach an próiseas le táirge a cheadú ina PGI nó PDO. Ach creidim go gcuireann scéimeanna mar seo deis mhór ar fáil chun caighdeán agus traidisiún bhia na hÉireann a threisiú agus a chur os comhair an phobail."
Is féidir an t-iarratas, Doiciméad Aonair agus an Doiciméad Sonraíochta a fháil ag: www.gov.ie/en/publication/3e2b5-publication-of-application-for-pdo-forachill-island-sea-salt/
Is féidir le duine nádúrtha nó dlíthiúil ar bith, ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá ina chónaí in Éirinn, achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas trína forais ar a bhfuil siad ag déanamh achomhairc a chur ar aghaidh chuig PGIappeals@agriculture.gov.ie faoin 3pm Dé Céadaoin an 23 Nollaig 2020.
Nóta d'Eagarthóirí:
Féachann beartas cáilíochta an AE le hainmneacha táirgí ar leith a chosaint d'fhonn a gcuid tréithe ar leith atá nasctha lena mbunús geografach a chur chun cinn.
Tá an scéim Tásc Geografach (GI) an AE tairbheach do tháirgeoirí mar go gceadaíonn sí ainmneacha táirgí talmhaíochta ar leith a bhfuil tréithe breisluacha ar leith ag baint leo agus ceangal acu lena n-áit thionscnaimh a shainaithint agus a chosaint. Trí aitheantas GI, cuirtear ar chumas tomhaltóirí muinín a bheith acu as táirgí ar ardchaighdeán agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus cuidiú le táirgeoirí a gcuid táirgí a mhargú.
Tá difríocht idir Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (PDO) agus Tásc Geografach faoi Chosaint (PGI) - i gcás PDO, ní mór do gach cuid den phróiseas táirgthe, próiseála agus ullmhúcháin tarlú sa réigiún ar leith a chlúdaítear san iarratas.
Foráiltear le Rialachán rialaithe AE Uimh. 1151/2012, go bhféadfadh an Ballstát cinneadh fabhrach a dhéanamh agus iarratas a thaisceadh leis an gCoimisiún má mheasann an Ballstát go bhfuil ceanglais an Rialacháin á gcomhlíonadh i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar aon fhreasúra a fhaightear. Is féidir an t-iarratas a thaisceadh fad is atá an próiseas achomhairc fós ar siúl.
Déanfaidh Coimisiún an Aontais Eorpaigh grinnscrúdú ar an iarratas a fhaightear lena áirithiú go bhfuil bonn cirt leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime a mbaineann sé léi. D’fhéadfadh an tréimhse grinnscrúdaithe seo leanúint chomh fada le 6 mhí nó os a chionn sin.
Cuirfear nós imeachta freasúra ar fáil ag leibhéal an AE trína mbeidh Ballstáit (seachas Éire) nó tríú tír in ann freasúraí a thaisceadh i ndáil leis an iarratas.
Tá ocht n-ainm táirgí bia PDO/PGI cláraithe in Éirinn -Clare Island Salmon (PGI), Imokilly Regato (PDO), Timoleague Brown Pudding (PGI), Connemara Hill Lamb (PGI), Waterford Blaa (PGI), Oriel Sea Salt (PDO), Oriel Sea Minerals (PDO) agus Sneem Black Pudding (PGI).
Tá stádas GI ag trí ainm biotáille - Irish Whiskey, Irish Cream agus Irish Poitín – faoi Rialachán (AE) Uimh. 110/2008.
CRÍOCH