Fógraíonn an Rialtas €3m chun tacú le Comhairlí Contae an Longfoirt agus Uíbh Fhailí le hAistriú Cóir
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta agus an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil go soláthróƒar €3m i 2022 d’Aistriú Cóir i gContaetha an Longfoirt agus Uíbh Fhailí.
Cuirfear €1.3m ar fáil do Chomhairle Contae an Longfoirt agus cuirfear €1.7m ar fáil do Chomhairle Contae Uíbh Fháilí.
Tá an maoiniú á sholáthar mar fhreagairt ar dhúnadh stáisiún cumhachta móna i 2020, agus aithníonn sí tionchar tromchúiseach leanúnach na ndúnadh seo go háitiúil.
I 2019, b’ionann Stáisiún Cumhachta Bhéal Átha Liag/Loch Rí agus thart ar 16% de na fáltais rátaí do Chomhairle Contae an Longfoirt, agus b’ionann Stáisiún Cumhachta Dhroichead na Sionainne/Iarthar Uíbh Fhailí agus 20% d’fháltais rátaí Chomhairle Contae Uíbh Fhailí.
Dúirt an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke TD:
“Tá Aistriú Cóir ina chuid dhílis do Phlean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais, agus táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na pobail sin atá ag aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.
Aithnítear gur chuir na stáisiúin chumhachta seo go mór le rátaí ioncaim Chomhairlí Contae an Longfoirt agus Uíbh Fhailí, agus an tionchar tromchúiseach a bhí ag a ndúnadh ar an dá chontae. Tá an Rialtas tiomanta do roinnt cinnteachta maoinithe a sholáthar ag an am seo, agus tá an leithdháileadh ann chun tacaíocht a sholáthar agus na caillteanais sna geilleagair áitiúla seo a mhaolú.”