Fógraíonn an RTBM Cistiú chun tacú le cáilíocht an uisce i nDobharcheantair Uisce Óil Grúpscéimeanna Uisce (GSU)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., cistiú €500,000 inniu chun gníomhartha spriocdhírithe um chosaint foinsí uisce óil a chur i bhfeidhm i ndobharcheantair ghrúpscéim uisce mar chuid de straitéis um chosaint foinsí Chónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce (NFGWS).
‘Seachtain Cháilíocht an Uisce’ é an tseachtain seo agus
“Tá gliondar croí orm an cistiú seo a fhógairt chun gníomhartha spriocdhírithe um chosaint foinsí uisce a chur i bhfeidhm” a dúirt an tAire, agus dúirt sé freisin “Aithníonn mo Roinn agus an earnáil talmhaíochta an tábhacht a bhaineann le foinsí uisce óil a chosaint agus a aithint i gcomhthráth go bhfuil príomhról le glacadh ag talmhaíocht chun aon chaillteanais fhéideartha a laghdú a chruthaíonn cothaithigh agus lotnaidicídí.”
Meastar gur gné ríthábhachtach iad talmhaíocht agus íoslaghdú caillteanas ó chothaithigh agus lotnaidicídí i dtaobh grúpscéimeanna uisce a chosaint. Táthar ag tacú leis an togra seo i gcomhoibriú leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Oidhreachta. Cuireann seo an deis ar fáil don talmhaíocht bearta spriocdhírithe a sholáthar chun dul i ngleic le brúnna talmhaíochta agus forbairt clár amach anseo a chumasú i gcomhthráth.
Léireoidh an togra seo tacaíocht phraiticiúil i dtreo cháilíocht an uisce óil a chosaint, feabhsú bithéagsúlachta agus gníomhú ar son na haeráide. Cuirfidh an tionscnamh seo deis ar fáil freisin chun triail a bhaint as cuir chuige nua agus nuálacha a bhféadfaí glacadh níos ginearálta leo, má éiríonn leo, chun cabhrú le ‘Éire’ a cuspóirí faoin gCreat-Treoir Uisce (an CTU) a shásamh faoi mar a leagtar amach sa Phlean Bainistíochta Abhantraí reatha nó amach anseo agus a cuspóirí aeráide/bithéagsúlachta a shásamh. Tabharfaidh torthaí lámh chúnta agus cuirfidh siad eolas ar fáil don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le gníomhartha agra-chomhshaoil amach anseo a fhorbairt.
Díreofar an cistiú ar sheacht ndobharcheantar grúpscéim uisce a thagann laistigh de, nó i ngar do, Limistéir Thosaíochta reatha le haghaidh Gnímh faoi mar a shainmhínítear laistigh de 2ra Plean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann. Imríonn brúnna talmhaíochta, den chuid is mó, tionchar mór ar na dobharcheantair seo agus cabhróidh an cistiú a fógraíodh le bearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, cosúil le criosanna maolánacha cliste a chruthú i limistéir spriocdhírithe feadh sruthchúrsaí, agus cuirfidh siad roghanna eile ar fáil ar lotnaidicíd a úsáid, agus tabharfaidh siad tionscnaimh oideachais isteach a leagann béim ar thionchair chleachtais talmhaíochta.
CRÍOCH