Fógraíonn an RTBM go n-osclófar iarratais ó oibritheoirí príobháideacha chun bheith ina saoraid choraintín faofa do chait, do mhadraí agus d’fhiréid
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ta an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag lorg iarratas ó oibritheoirí príobháideacha chun go gceadófar mar shaoráid iad do mhadraí, do chait agus d’fhiréid.
Faoin dlí AE, tá cait, madraí agus firéid infhógartha agus ní mór scrúdú a dhéanamh orthu nuair a thagann siad isteach ó stát nach ballstát den AE é. Tá cait, madraí agus firéid ó thíortha AE faoi réir spotseiceála. Déanann an Roinn seiceáil ar chait, ar mhadraí agus ar fhiréid atá ag teacht isteach in Éirinn.
Mura gcomhlíonann ainmhí an tseiceáil seo, d’fhéadfadh an Roinn é a choimeád ar leithlis oifigiúil (coraintín). Tá an Roinn ag glacadh le hiarratais uathu siúd ar mian leo bheith ina saoráid faofa agus cuirfear conradh i gcrích leis an iarrthóir a n-éiríonn leis/léi.
D’fhéadfaí maoiniú a sholáthar do shaoráid choraintín faofa maidir le costais áirithe, deimhnithe a tabhaítear chun an tsaoráid a chothabháil, agus beidh sé mar aidhm caighdeáin bithshlándála den scoth a chaomhnú i saoráidí coraintín faofa. Is féidir iarratais a chur isteach ó inniu go dtí 5pm ar 4 Lúnasa.
Tuilleadh eolas le fail ag gov.ie - Pet Travel (www.gov.ie)
Nótaí don Eagarthóir:
Ba chóir aon fhiosrúchán a chur chuig livetrade@agriculture.gov.ie .
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 5pm ar 4 Lúnasa 2021.
Tabhair do d’aire nach gceadóidh an Roinn ach suas le dhá shaoráid agus cuirfear raon tíreolaíoch san áireamh.
DEIREADH