D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., dáta breise inniu don seimineár gréasáin Halla Baile a bheidh ar siúl Dé Máirt, an 10 Lúnasa mar chuid de chomhairliúchán poiblí ar an dréacht-idirghabháil a bheartaítear do Phlean Straitéiseach an CBT 2023-2027. Seoladh an comhairliúchán an 30 Iúil, agus beidh sé ar siúl ar feadh tréimhse ceithre seachtaine, go dtí an 27 Lúnasa. Cuirfidh an dáta breise deis eile ar fáil do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phróiseas. Tá páipéar nua samhaltaithe ar na híocaíochtaí díreacha ar fáil anois ar
www.gov.ie/cap