Fógraíonn an tAire Donnelly nuashonrú don Straitéis Leithdháilte Vacsaíní
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD nuashonrú inniu do Straitéis Leithdháilte Vacsaíní COVID-19 na hÉireann.
Cheadaigh an Rialtas an Straitéis Shealadach Leithdháilte Vacsaíní an 8 Nollaig anuraidh. Tugadh ar aird ag an am go gcoinneofaí an Straitéis faoi athbhreithniú agus go ndéanfaí í a leasú mar thoradh ar athruithe ar an bhfianaise atá ann cheana agus/nó ar an staid eipidéimeolaíoch.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá ár gClár Vacsaínithe COVID-19 bunaithe ar chothroime agus cinntíonn sé go dtugtar tosaíocht ó thaobh vacsaíní de dóibh siúd is mó atá i mbaol drochthoradh ón ngalar má bhíonn soláthairtí teoranta. Sin é an fáth gur díríodh orthu siúd atá ina gcónaí i dtithe altranais agus ar dhaoine aosta sa phobal.
"Mhol an Coiste Chomhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC), i gcomhar le mo Roinn, athbhreithniú a dhéanamh ar an Straitéis Leithdháilte Vacsaíní. Thacaigh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) leis na moltaí agus inniu cheadaigh an Rialtas iad.
"Tá príomhaidhm Straitéis Leithdháilte Vacsaíní COVID-19 na hÉireann fós mar an gcéanna. Táimid ag leanúint ar aghaidh ag vacsaíniú na ndaoine sin arb iad is dóichí a mbeidh drochthionchar ag an ngalar orthu, mar thoradh ar COVID-19. Tá na hathruithe atá á ndéanamh againn bunaithe ar an gcomhairle chliniciúil agus leighis is déanaí go mbeadh na torthaí is measa acu siúd ata á mbogadh suas an liosta againn dá bhfaighidís an galar."
Agus an Straitéis tosaigh Leithdháilte Vacsaíní á gcur i dtoll a chéile, liostaigh an NIAC roinnt riochtaí a bhaineann le riosca méadaithe galair agus báis.
San idirlinn, tá fianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil a chumasaíonn anailís níos mionsonraithe ar bhunriochtaí sláinte a d’fhéadfadh cur leis an mbaol go mbeadh dianghalar nó bás mar thoradh ar an víreas.
Tá NIAC in ann anois na riochtaí sláinte sin a shainaithint níos cuimsithí agus idirdhealú a dhéanamh idir iad siúd a chuireann duine i mbaol an-ard nó ard má tholgann siad an víreas.
Leanfar le monatóireacht agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar riochtaí sláinte agus ar mhéid an bhaoil a bhaineann leo.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá dlús a chur le vacsaíniú na ndaoine sin a bhfuil riochtaí áirithe acu cheana ag teacht leis an gcomhairle a thugann an ECDC do Bhallstáit.
"Seasann sé freisin leis na prionsabail maidir le díobháil a laghdú agus cothroime atá mar bhonn agus taca le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann trí iarracht a dhéanamh an t-ualach díréireach atá os comhair na ndaoine sin a bhfuil bunriochtaí sláinte acu a laghdú i dtéarmaí droch-thorthaí ó COVID-19.
"Leanann an NIAC ag déanamh monatóireachta ar shonraí maidir leis an ngalar seo agus go deimhin ar shonraí atá ag teacht chun cinn maidir le héifeachtacht vacsaíní ar bhonn atrátha."