Fógraíonn an tAire Foley ainmneacha scoileanna a roghnaíodh do chónaitheacht nua BLAST na nEalaíon san Oideachais agus do Chnuasaigh Cruthaitheacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu sonraí maidir leis na 425 scoil a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa chlár nuálach 2024 Cónaitheacht BLAST na nEalaíon san Oideachas, mar aon le 42 Cnuasaigh Cruthaitheacha nua a bhfuil 138 scoil ar fud na tíre ag baint leis. Tá an dá thionscnamh mar chuid den Phlean Cruthaitheach Óige 2023 - 2027.
Is éard atá i gceist le tionscadail cónaitheachta BLAST ná comhoibriú cruthaitheach idir an t-ealaíontóir/cleachtóir cruthaitheach, an múinteoir, páistí agus daoine óga sa agus leis an scoil faoi chomhordú 21 Ionad Tacaíochta Oideachais Lánaimseartha na hÉireann (ITOE). Is fiú €1,100 é gach cónaitheach atá maoinithe go hiomlán ag an Roinn Oideachais leis an ITO áitiúil ag bainistiú riaracháin a bhaineann le cónaitheacht 20 uair an ealaíontóra/chleachtóra chruthaithigh. Is féidir le cónaitheacht BLAST a sholáthar i rith na bliana acadúla 2024/25.
Feicfear leis na 42 Cnuasaigh Cruthaitheacha nua a fógraíodh inniu scoileanna ag teacht le chéile thar dhá bhliain chun oibriú ar thionscadal dá rogha féin. Féadtar le braisle suas go dtí €15,000 maoiniú a fháil chun cabhrú leo a bpleananna agus a smaointe a bhaineann le tionscadal dá rogha féin a chur i bhfeidhm, le tacaíocht ó éascaitheoir áitiúil agus a ITO áitiúil, idir 2024 agus 2026. Deartar an clár chun cabhrú le scoileanna tionscadal foghlama agus gníomhaíochtaí a bheidh saincheaptha dá scoláirí a chruthú.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá áthas orm a fhógairt inniu sonraí maidir leis na 425 scoil a ghlacfaidh páirt sa Chlár Cónaitheachta BLAST na nEalaíon 2024, mar aon leis na scoileanna a ghlacfaidh páirt i 42 Cnuasaigh Cruthaitheacha nua. Léirítear le infheistíocht de bheagnach €1.2 milliún an rialtais sna tionscnaimh sin le haghaidh 2024 méid a ghealltanais chun rochtain ar na healaíon do pháistí agus do dhaoine óga a sholáthar. Tá na buntáistí an-dearfach gur féidir a bhaint as deiseanna a bheith cruthaitheach ar eolas againn agus is é sin ag croílár BLAST agus Cnuasaigh Cruthaitheacha. Tugtar leis na cláir seo tacaíocht do pháistí agus do dhaoine óga trí scileanna a thabhairt dóibh amhail an cumas teacht le chéile agus comhoibriú le daoine eile, dul i mbun smaointeoireachta cruthaithí agus criticiúla, agus uileghabhálacht ag gach leibhéal a chleachtadh.”
Ag tógáil ar rath an Chláir Éire Ildánaigh 2017-2022, chuir an Rialtas anuraidh le clár ar feadh cúig bliana eile go dtí 2027. Mar cheann de na cúig philéar d’Éire Ildánach, leantar leis an bPlean tras-roinne don Óige Ildánach 2023-2027 cruthaitheacht a neadú agus a imeascadh ina foirmeacha éagsúla go léir chun tacú leis na páistí agus daoine óga is deacra teagmháil a dhéanamh leo.
Tá an dá chlár dírithe ar bhunscoileanna incháilithe, iar-bhunscoileanna, scoileanna speisialta agus Ionaid Ógtheagmháil. Leithdháileadh €542,500 le haghaidh 2024 do na Tionscnaimh BLAST agus €575,705 do na Cnuasaigh Cruthaitheacha ag an Roinn Oideachais.
I measc na dtionscadal i scoileanna ó BLAST in 2023, bhí:
Ar leithligh, i measc na dtionscadal atá déanta go dtí seo trí thacaíocht ó Chnuasaigh Cruthaitheacha, bhí:
Is féidir tuilleadh a fháil amach anseo.
Tá sonraí na scoileanna nua atá páirteach i BLAST 2024 agus sna Cnuasaigh Cruthaitheacha ó Mheán Fómhair 2024 ar fáil anseo