Fógraíonn an tAire Foley forbairt acmhainní chun tacú leis an nGorta Mór a theagasc – 17 Bealtaine 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD forbairt na hacmhainne nua do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna araon a chuireann rochtain ar fáil d’acmhainní agus treoir a bhaineann leis an gcuraclam chun tacú leis an nGorta Mór a theagasc.
Is suíomh gréasáin idirghníomhach í an acmhainn, atá ceangailte le Scoilnet, agus atá mar aidhm aige foghlaimeoirí a spreagadh chun dul i ngleic le hábhair ar líne atá ann cheana féin a bhaineann leis an nGorta Móra agus diaspóra na hÉireann agus chun daoine óga ó bhunscoileana agus ó iar-bhunscoileanna a chur ar a gcumas chun idirghníomhú a dhéanamh le himeachtaí Ghorta Mór na hÉireann ar an dóigh chéanna agus a dhéanfadh staraithe.
Dúirt an tAire Foley:
“Agus Lá Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag druidim linn, déanaimid machnamh ar an tionchar a bhí agus atá ag an nGorta Mór orainn mar náisiún. Trí lionsa na foghlama faoin nGorta Mór, feicimid cad is brí le bheith i d’Éireannach go hidirnáisiúnta, foghlaimímid faoi thionchar an diaspóra agus is féidir comhbhá agus tuiscint níos fearr a bheith againn faoi cad atá ag titim amach ar fud an domhain ó thaobh daoine ag gluaiseacht agus an tionchar atá an athrú aeráide ar sholáthar bia.
“Beidh an acmhainn seo ina tacaíocht shárluachmhar do mhúinteoirí agus an Gorta á theagasc acu, agus beidh foghlaimeoirí in ann iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid réimsí spéise féin ag baint úsáid as acmhainní iontaofa agus oiriúnacha. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Dan Campion agus Foireann Staire sa SSM (Sraith Shóisearach do Mhúinteoirí) as ucht tabhairt faoin tionscadal seo agus an acmhainn iontach seo a chruthú.”
Choimisiúnaigh an Roinn Oideachais forbairt na n-acmhainní trí na seirbhísí tacaíochta oideachais. Rinneadh é seo mar chuid den bhaint atá ag an Roinn le Grúpa Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir, faoi chathaoirleach an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD.
Is é aidhm na hacmhainne seo ar líne tacaíocht a thabhairt don teagasc agus don fhoghlaim faoi chúiseanna, chúrsa agus iarmhairtí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, an Ghorta Mhóir agus scrúdú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le diaspóra na hÉireann.
Beidh acmhainní éagsúla san acmhainn atá ar fáil ó réimse leathan foinsí ar nós Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir de chuid Bhéal na mBuillí, RTÉ, Scoilnet, EPIC (Músaem Eisimirce na hÉireann) agus Atlas Ghorta Mór na hÉireann.
Chun imeachtaí Ghorta Mór na hÉireann a chomóradh, beidh an méid seo a leanas san acmhainn seo ar líne:
• Gníomhaíochtaí chun aird na ndaltaí a tharraingt ar Ghorta Mór na hÉireann i stair na bunscoile, na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí;
• Moltaí faoi conas taighde a dhéanamh ar thionchar an ghorta ar cheantar áitiúil dalta;
• Taisclann de phodchraoltaí, cláir faisnéise agus ailt faoin ngorta agus faoi dhiaspóra an Ghorta Mhóir;
• Deiseanna chun plé a dhéanamh ar an ngorta ó dhearcthaí éagsúla ag an am;
• Treoir a thacaíonn le daltaí agus le múinteoirí maidir le acmhainn ar líne Ghorta Mór na hÉireann a úsáid.
Beidh seimineár gréasáin beo ag gabháil leis an suíomh gréasáin, ina mbeidh plé painéal saineolaithe ann maidir le conas is féidir iniúchadh a dhéanamh ar imeachtaí an Ghorta Mhóir. Cuirfear tuilleadh eolais ina mbeidh naisc chuig an suíomh gréasáin agus an seimineár gréasáin ar ríomhphost díreach chuig na scoileanna ag tús na chéad scoilbhliana eile.
Choimisiúnaigh an Roinn Oideachais forbairt na n-acmhainní chun tacú leis an bhfoghlaim faoi Ghorta Mór na hÉireann. Tá siad á gcur ar fáil ag foireann staire na Sraithe Sóisearaí do Mhúinteoirí, seirbhís tacaíochta de chuid na Roinne Oideachais. Tá an fhoireann faoi threoir Daniel Campion.
• Tabharfaidh Acmhainn an Ghorta Mhóir Ar Líne de chuid na Scoileanna bailiúchán d’fhoinsí ilmheán le chéile chun tacú le foghlaim na ndaltaí faoin ré dhorcha seo i stair na hÉireann.
• Beidh réimse gníomhaíochtaí inti a spreagfaidh smaointeoireacht daltaí faoi chúis, chúrsa agus iarmhairtí na linne ó dhearcthaí éagsúla.
• Beidh naisc inti chuig taisclanna foinsí a bhaineann le daltaí ón mBunscoil go dtí scoláirí staire na Sraithe Sinsearaí
• Déanfar bailiúchán acmhainní a óstáil a leagann béim ar thionchar an Ghorta Mhóir ar gach contae
• Cuimseofar leideanna agus treoir maidir le conas torthaí taighde a dhéanamh agus a chur i láthair maidir le gné ar bith den Ghorta Mór.
• Bunaíodh Coiste Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir den chéad uair in 2008 tar éis cinneadh ón Rialtas Gorta Mór na hÉireann a chomóradh ina mbíonn lá cuimhneacháin náisiúnta den Ghorta Mór gach bliain.
• Is í Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán atá mar chathaoirleach an Choiste
• Tá sé déanta suas d’ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ón Roinn Cosanta, ionadaithe ó Óglaigh na hÉireann, ó Roinn an Taoisigh, Cúnamh Éireann, ionadaithe ó Trócaire agus Gorta, staraithe, Oifig na nOibreacha Poiblí, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus páirtithe leasmhara eile.
• Bíonn an comóradh náisiúnta bliantúil ar siúl idir na ceithre chúige d’Éirinn. Bíonn ócáid idirnáisiúnta ar siúl gach bliain freisin chun Gorta Mór na hÉireann a chomóradh.
• Príomhchuspóir Choiste Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir ná na socruithe is oiriúnaí a chur san áireamh le haghaidh comórtha náisúnta bhliantúil den Ghorta Mór. Tá an coiste ina thríú téarma oifige agus déanfaidh an coiste seirbhís ar feadh tréimhse dhá bhliain, agus ag an bpointe sin d’fhéadfaí athbhreithniú ar théarmaí tagartha agus ballraíocht an choiste.
• Tá clár oibre an choiste don téarma reatha déanta suas de cheithre phríomhshnáithe:
o Rannpháirtíocht pobail, áitiúil agus óige i gComóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir;
o Dearcadh stairiúil;
o Gorta, ocras, slándáil bia agus cúnamh sa saol comhaimseartha; agus
o Comóradh Idirnáisiúnta Bliantúil den Ghorta Mór agus rannpháirtíocht phobail an Diaspóra.