Fógraíonn an tAire Hackett go gcuirfear tús le híocaíochtaí iarmhéid de luach breis agus €1 milliún sa Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ón Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go gcuirfear tús le híocaíochtaí iarmhéid 2020 don Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach (OFS).
Dúirt an tAire,
“Tá an-áthas orm tús na n-íocaíochtaí iarmhéid seo le feirmeoirí orgánacha a fhógairt. Cuirfear tús inniu le híocaíochtaí os cionn €1 milliún faoin scéim seo a eisiúint chuig níos mó ná 1,300 feirmeoir orgánach agus beidh tuilleadh íocaíochtaí le heisiúint sna seachtainí amach romhainn.”
Dúirt an tAire freisin
“ba í seo an íocaíocht dheiridh d’fheirmeoirí faoin scéim ach tá áthas orm ní amháin go raibh mo Roinn in ann síneadh an chonartha a thairiscint do na feirmeoirí go léir a raibh conradh acu a bhí ag dul in éag ach freisin gur ghlac líon ollmhór d’fheirmeoirí leis an síneadh.”
Dúirt an tAire freisin
“is príomhbheart tacaíochta í an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach chun cabhrú le feirmeoirí orgánacha freagairt don éileamh méadaitheach ó thomhaltóirí ar bhia a tháirgtear go horgánach. Bhí áthas orm an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach a athoscailt d’iarratasóirí nua i mí an Mhárta i mbliana agus cuirim fáilte roimh an scaipeadh leathan geografach spéise atá ann don scéim. Tháinig méadú de 20% ar líon na bhfeirmeoirí orgánacha in Éirinn i mbliana dá bharr agus níl anseo ach tús ár bpleananna uaillmhianacha d’fhás na hearnála.”
Nóta don Eagarthóir:
• Is éard atá sa bhabhta íocaíochtaí seo ná an íocaíocht iarmhéid arb ionann é agus 15% den íocaíocht bhliantúil iomlán atá dlite faoin OFS; an réamhíocaíocht 85% a eisíodh i mí na Samhna 2020 do rannpháirtithe an OFS de réir rialacha an AE.
• Faoi láthair, tá 1,530 feirmeoir orgánach rannpháirteach sa Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach agus is ionann íocaíochtaí bliantúla faoin Scéim agus thart ar €9 milliún.
• Tá thart ar 74,000 heicteár á dtáirgeadh go horgánach faoi láthair
• Tá 1,530 rannpháirtí sa Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach (OFS) faoi láthair. Ghlac 95% d’fheirmeoirí OFS leis an tairiscint de shíneadh a chur lena gconradh i mí na Nollag 2020.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannán Orgánach i RTBM ar 0761 064415 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig organic@agriculture.gov.ie organic@agriculture.gov.ie .
CRÍOCH