Fógraíonn an tAire Hackett go raibh freagairt láidir don Scéim Feirmeoireachta Orgánaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, gur chuir 317 feirmeoir isteach ar thiontú go feirmeoireacht orgánach faoi scéim orgánaice na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, a dhún an tseachtain seo caite.
Nuair a bhí an líon feirmeoirí á fhógairt agus leathadh fairsing tíreolaíoch na n-iarratas á nochtadh aici, dúirt an tAire,
“Má tá iad siúd go léir a rinne iarratas incháilithe agus má leanann siad ar aghaidh agus tiontú a dhéanamh, tiocfaidh méadú breis agus 20% ar an líon feirmeoirí a dhéanann feirmeoireacht orgánach in Éirinn faoi thacaíocht Scéim Feirmeoireachta Orgánaí na Roinne. Mar sin, tuar mór dóchais é an méadú seo agus leathadh tíreolaíoch na n-iarratas. Ní bheidh an miondealú de réir earnála, agus an t-achar talún a bheidh i gceist, ar fáil ach nuair a bheidh iarratais ar Scéim Buníocaíochta 2021 na bhfeirmeoirí seolta ar aghaidh níos déanaí an mhí seo, ach tá dóchas mór agam go mbeidh gach saghas feirmeoireachta curtha san áireamh. Tá súil agam freisin gur cheart go mbeimis ábalta freastal ar na feirmeoirí incháilithe go léir ar mian leo leanúint ar aghaidh leis an tiontú, a fhad agus a shásaíonn a n-iarratais na critéir.”
Fuair an tAire cistiú €4 milliún chun athoscailt na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí a éascú i mbliana. Príomhghné sa Straitéis Orgánach Náisiúnta is ea an líon feirmeoirí a oibríonn go horgánach a mhéadú. Déanfaidh sé forbairt bhreise ar an earnáil orgánach agus cuirfidh sé le sprioc Chlár an Rialtais an t-achar talún a bhfuil toradh orgánach á tháirgeadh air in Éirinn a ailíniú leis an meánachar san AE.
Agus trácht breise á dhéanamh aici ar an sprioc sin, dúirt an tAire,
“Tá éileamh mór ar gach saghas toraidh orgánaigh ar fud na margaí intíre agus Eorpacha. Laghdaíonn feirmeoireacht orgánach costais ionchuir agus feirmeoireacht nach bhfuil chomh dian céanna atá i gceist leis agus bíonn stíl mhaireachtála níos fearr ag go leor teaghlaigh feirme dá bharr. Mar gheall air seo agus, go deimhin, ar bhuntáistí eile, leanfaidh mé le borradh a chur chun cinn san earnáil orgánach ar bhealach ar bith is féidir liom.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá an miondealú de réir contae ar fáil thíos:
Contae | Iarratasóirí ar an SFO |
Ceatharlach | 7 |
An Cabhán | 19 |
An Clár | 15 |
Corcaigh | 33 |
Dún na nGall | 13 |
Baile Átha Cliath | < 5 |
Gaillimh | 26 |
Ciarraí | 17 |
Cill Dara | 8 |
Cill Chainnigh | 11 |
Laois | 8 |
Liatroim | 17 |
Luimneach | 11 |
An Longfort | 6 |
Lú | < 5 |
Maigh Eo | 10 |
An Mhí | 15 |
Muineachán | 8 |
Uíbh Fhailí | 8 |
Ros Comáin | 15 |
Sligeach | 8 |
Tiobraid Árann | 27 |
Port Láirge | 5 |
An Iarmhí | 7 |
Loch Garman | 9 |
Cill Mhantáin | 9 |
CRÍOCH