Fógraíonn an tAire Hackett gur foilsíodh Staitisticí Foraoise Éireann 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu gur foilsíodh Tuarascáil Staitisticí Foraoise bhliantúil na Roinne don bhliain 2021. Ullmhaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Tuarascáil seo gach bliain.
Nuair a bhí an tuarascáil á seoladh aici, dúirt an tAire,
“De réir mar a dhéanaim idirchaidreamh leis na páirtithe leasmhara go léir ar na gealltanais i gClár an Rialtais agus Tionscadal na Coillearnaí, is tábhachtach staitisticí iontaofa a bheith ann chun dul chun cinn an chuir i bhfeidhm a rianú. Tiomsú staitisticí faoin eastát foraoise agus an tionscal foraoise in Éirinn atá i gceist le ‘Staitisticí Foraoise - Éire 2021’. Is é an choimre staitisticí chuimsitheach d’eolas cothrom le dáta ar fhoraoiseacht in Éirinn agus is í an cháipéis spriocthagartha d’aon duine ar spéis leo an t-ábhar. Léiríonn an t-eolas sa tuarascáil bhliantúil tiomantas leanúnach an Rialtais don fhoraoiseacht."
“Caithfear dul i ngleic leis an treocht laghdaitheach sa cheantar i dtaobh foraoisiú gach bliain. Baineann ríthábhacht le foraoiseacht nua ní hamháin chun ár gcuspóirí geilleagracha a bhaint amach ach ár spriocanna athraithe aeráide agus ár n-aidhmeanna a bhaint amach i dtaobh barr feabhais a chur ar an mbithéagsúlacht. Tuigtear go maith ríthábhacht na foraoiseachta i dtaobh aghaidh a thabhairt ar riachtanais na sochaí agus is soiléir gur gá an luach seo a shaothrú as seo amach. Ar an ábhar sin, tugtar tús áite láithreach bonn do dhul i ngleic leis na deacrachtaí reatha ceadúnaithe agus aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí a leagtar amach i dTionscadal na Coillearnaí.”
“Tá scrúdú á dhéanamh freisin ag mo Roinn ar bhealaí le crainn a chur ar fheirmeacha ar scála níos lú ná ár scéimeanna reatha foraoisithe a chur chun cinn ar mhaithe lena chuimsiú sa chéad CBT eile faoi scéimeanna comhshaol talmhaíochta. Is í príomhaidhm na mbeart seo bithéagsúlacht a chur chun cinn agus a fheabhsú, trí acmhainní tábhachtacha comhshaoil a chosaint agus linnte carbóin a ghiniúint”.
Dúirt an tAire freisin,
“Táim thar a bheith sásta leis an méadú aníos ó 25% in 2019 go 34% in 2020 atá tagtha ar an gcomhréir de chrainn leathanduilleacha a rinneadh a choilltiú. Baineadh a mhacasamhail de mhéadú amach sa Scéim Bunaithe Coillearnaí Dúchasaí a d’oibrigh mo Roinn.”
Áirítear le deich bpríomhstaitistic ó Staitisticí Foraoise - Éire 2021 an méid seo a leanas:
1. B’ionann an caiteachas iomlán in 2020 agus €79.2 milliún, lena n-áirítear deontais foraoisithe, íocaíochtaí agus deontais phréimhse bhliantúla do bhonneagar bóithre foraoise.
2. I rith 2020, cruthaíodh 2,434 heicteár d’fhoraois nua. Bhí an limistéar foraoisithe ba mhó i gCorcaigh tar éis go ndearnadh 293 heicteár a fhoraoisiú, agus bhí an dara limistéar foraoisithe ba mhó i gCiarraí, tar éis go ndearnadh 289 heicteár a fhoraoisiú.
3. Is iad speicis bhuaircíneacha an speiceas is ceannasaí go náisiúnta, agus is ionann iad agus 71% den achar foraoise agus b’ionann speicis leathanduilleach agus 29%. Is ionann an chomhréir de chrainn leathanduilleacha i bhforaoisí nua i rith 2020 agus 34%, ar méadú 9% é seo i gcomparáid leis an achar a cuireadh faoi chrainn in 2019.
4. B’ionann Coillearnach Dhúchasach a bunaíodh mar chuid den scéim foraoisithe in 2020 agus 19% den achar iomlán, ar méadú 10% é seo i gcomparáid leis an achar a cuireadh faoi chrainn in 2019.
5. Tá breis agus leath (50.8%) d’fhoraois faoi úinéireacht phoiblí, agus tá an fuílleach eile faoi úinéireacht phríobháideach. Feirmeoirí atá ina n-úinéirí ar 81% de na tailte phríobháideacha a rinneadh a choilltiú idir 1980 agus 2020.
6. Ó 1980, fuair breis agus 23,000 úinéir talún príobháideach cúnamh deontais chun foraois a bhunú. Is é meánmhéid an fhoraoisithe phríobháidigh ar tugadh cúnamh deontais dó ó 1980 8.6 heicteár.
7. Cistíodh beagnach 100 km de bhóithre foraoise príobháideacha a thógáil i rith 2020. Léiríonn seo an méadú tuartha ar adhmad a bhainfear, a bhfuil súil leis go dtiocfaidh méadú faoi dhó air faoin mbliain 2030.
8. Eisíodh ceadúnais leagain i rith 2020, chun 7,605 heicteár a thanú agus 11,870 heicteár a ghlanleagan.
9. De réir thuarascáil Staid Fhoraois na hEorpa 2020 (‘State of Europe’s Forests 2020’), in Éirinn atá ceann de na rátaí bliantúla is airde athraithe ar achar foraoise san Eoraip, a léirítear mar chéatadán den achar foraoise iomlán.
10. Glacann foraois agus táirgí foraoise le ról tábhachtach chun athrú aeráide a mhaolú trí dhé-ocsaíd charbóin a leithlisiú agus a stóráil. In 2019, bhain foraois na hÉireann beagnach 5 milliún tonna de dhé-ocsaíd charbóin.
Ag trácht dó ar an bhFardal Foraoise Náisiúnta, dúirt an tAire, “Tá bailiú sonraí allamuigh ar bun ar an gceathrú Fardal Foraoise Náisiúnta, faoina dtugann mo Roinn. Tugann seo eolas cruinn cothrom le dáta dúinn faoi mhéid agus cineál athraitheach fhoraois na hÉireann.
Chuir córais leantacha FFN torthaí ar fáil ar ghnéithe cosúil le hathrú ar achar foraoise le himeacht ama agus an méid méadaitheach a chuireann foraois na hÉireann le tosaíochtaí comhshaoil, athrú aeráide a chomhrac san áireamh. Críochnófar bailiú sonraí allamuigh in 2021 agus tá na sonraí le foilsiú in 2022.”
Nóta d’eagarthóirí:
Tá an tuarascáil ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/en/collection/15b56-forest-statistics-and-mapping/#annual-forest-sector-statistics