Fógraíonn an tAire McConalogue agus Hackett sonraí faoi chlár píolótach ceannródaíoch Suirbhé ar Thimpeallacht Feirme
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., agus tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett, mar aitheantas ar an nasc uathúil agus láidir atá idir talmhaíocht agus bithéagsúlacht, inniu beart tábhachtach, an Staidéar Comhshaoil Feirme, a thacaíonn le Bithéagsúlacht a thomhas ar leibhéal feirme.
Dúirt an tAire McConalogue
“Tá lúcháir orm gur thugamar faoin tionscnamh agus go bhfuil idirchaidreamh á dhéanamh againn le feirmeoirí, coimeádaithe an oiread sin dár mbithéagsúlachta, chun a n-eolas agus a bhfeasacht a mhéadú ar an mbithéagsúlacht ar leibhéal feirme agus sonraí bonnlíne tábhachtacha á mbailiú ag an am céanna. Déanann feirmeoirí oiriúnú do agus glacadh le tionscnaimh cheannródaíocha cosúil leo seo agus tá bís orm go bhfuil an clár píolótach seo á oscailt.”
Dheimhnigh an tAire McConalogue agus Hackett go bhfuil an Staidéar Comhshaoil Feirme (an SCF) píolótach á thabhairt isteach a ghinfidh bunachar de shonraí bonnlíne faoi ghnáthóga agus bithéagsúlacht ar leibhéal feirme agus a sholáthróidh an scóip chun anailís chuimsitheach a dhéanamh ar ghnáthóga agus bithéagsúlacht feirme agra-chomhshaoil bonnlíne chun díriú ar scéimeanna agus bearta agra-chomhshaoil amach anseo. Díreofar i gCéim Phíolótach den SCF ar mhodheolaíocht agus uasoiliúint feirmeoirí agus comhairleoirí a fhorbairt i dtaobh suirbhéanna ar ghnáthóga ar leibhéal feirme a thabhairt isteach ar thart ar 8000 feirm. Cuirfidh clár Píolótach an SCF fardal gnáthóg, bithéagsúlachta agus eolais ar fáil don fheirmeoir faoina f(h)eirm féin.
Luaigh an tAire McConalogue dearcadh na Roinne athuair gur príomhchoimeádaithe ár mbithéagsúlachta iad feirmeoirí. Luaigh sé,
“Tá an Staidéar Comhshaoil Feirme píolótach ar cheann de na chéad chéimeanna tábhachtacha a bhfuiltear ag tabhairt fúthu chun suirbhé Bithéagsúlachta Bonnlíne a fhorbairt faoi mar a shainaithnítear i gClár an Rialtais.”
Dúirt an tAire Hackett,
“Tionscnamh nua agus spreagúil é an clár píolótach seo. Beidh na gnéithe agus gnáthóga uathúla bithéagsúlachta a bhunóidh sé atá ar leibhéal feirme sárluachmhar. Cuirfidh an cur chuige seo ar scála feirme oideachas ar fheirmeoirí agus cumasóidh sé iad, agus cuirfidh sé lena n-eolas ar a dtalamh féin chun gur féidir leo torthaí comhshaoil a bhainfear amach do scéimeanna amach anseo a uasmhéadú.”
Dúirt an tAire McConalogue an méid a leanas freisin agus an tionscnamh seo á sholáthar aige,
“Tá sé bunriachtanach gur fios dúinn cén acmhainní tábhachtacha bithéagsúlachta atá ar ár bhfeirmeacha againn as seo amach. Glacfaidh tacú lenár bhfeirmeoirí chun a n-obair thábhachtach a dhéanamh go gníomhach, agus iad ar an eolas freisin ar an méid is féidir leis na hacmhainní seo cur le caighdeán á dtorthaí, agus dul chun sochair an chomhshaoil i gcomhthráth, le ról ríthábhachtach inár ndul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach.” Dúirt an tAire freisin,
“Colúin thábhachtacha a bheidh san SCF, anuas ar an scéim Comhshaol Talmhaíochta Torthaíbhunaithe (an TCTT) a fógraíodh le déanaí, chun tacú lenár spriocanna chun scéimeanna reatha a thabhairt anonn agus na cuir chuige nua nuálacha thorthaíbhunaithe á gcur san áireamh i gcomhthráth ar cruthaíodh go bhfuil fiúntas leo trínár gComhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha (EIPanna) reatha.
Dúirt an tAire Martin Heydon,
“Spreagfainn na feirmeoirí go léir páirt a ghlacadh sna tionscnaimh seo agus oibriú lena gcomhairleoirí agus mo Roinn chun a gcleachtais bhainistíochta a shaincheapadh ag féachaint le feabhas a chur ar a stádas comhshaoil agus geilleagrach agus cabhrú i gcomhthráth leis an gcaighdeán nua talmhaíochta a shocrú ar leibhéal idirnáisiúnta.”
Mheas na hAirí go léir go ndearnadh an tionscadal píolótach seo a fhógairt ag an tráth ceart go dtitfeadh sé amach i gcomhthráth le Seachtain na Bithéagsúlachta, a thugann chun solais tábhacht ár mBithéagsúlachta náisiúnta agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an RTBM chun oibriú le feirmeoirí chun tacú le bithéagsúlacht trí thionscnaimh cosúil leis an gceann seo.
Nóta d’Eagarthóirí:
Dreasacht don fheirmeoir
Cuirfidh clár Píolótach an SCF fardal gnáthóg, bithéagsúlachta agus eolais ar fáil don fheirmeoir faoina f(h)eirm féin. Tabharfar an t-eolas seo don fheirmeoir mar chuid den ghné aistrithe eolais chun oideachas a chur ar an bhfeirmeoir agus iad a chumasú feirmeoireacht a dhéanamh ar bhealach atá íogair don dúlra ar an bhfeirm aonair. Íocfar €200 le gach feirmeoir as páirt a ghlacadh.
Uasoiliúint a chur ar chomhairleoirí feirme
Príomhghné i soláthar an SCF a bheidh in uasoiliúint a chur ar chomhairleoirí feirme. Cinnteoidh an clár oiliúna comhshaoil do chomhairleoirí go bhforbraítear acmhainn do leibhéal níos mó d’uaillmhian chomhshaoil a theastaíonn i scéimeanna Bearta Agra-Chomhshaoil-Aeráide (BACA) eile amach anseo. Cuirfear oiliúint ar ghnáthóga agus ar bhithéagsúlacht ar chomhairleoirí chomh maith le scileanna nuashonraithe TF agus léarscáilithe a mbeifear in ann leas a bhaint astu i scéimeanna eile. Déanfar íocaíocht mheasta ar a laghad €300 euro le comhairleoir feirme.
An Lucht Déanta Beartas
Cuirfidh Clár Píolótach an SCF tús leis an bpróiseas ina bhforbrófar an bunachar sonraí bonnlíne gnáthóg agus bithéagsúlachta ar leibhéal feirme agus ina gcuirfear eolas ar fáil don SCF a thabhairt isteach go náisiúnta amach anseo. Cabhróidh na paraiméadair chomhshaoil le díriú ar chleachtais/bhearta bainistíochta agus comhairle chun tacú le beartas náisiúnta agus AE cosúil leis an gComhbheartas Talmhaíochta (an CBT), an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide, ón bhFeirm go dtí an Forc, na Creat-Treoracha Uisce agus maidir le Níotráit, anuas ar an Straitéis Bithéagsúlachta.
Conas a dhéanfar an clár a oibriú?
Beartaítear go ndéanfar an Clár Píolótach a chur ar tairiscint go seachtrach lena sholáthar ag cuideachta/nó cuibhreannas trí phrótacal foirmiúil Soláthair an AE (Ríomhthairiscintí). Riarfaidh an RTBM an próiseas iarratais d’fheirmeoirí agus na riachtanais Rangaithe agus Roghnaithe don chlár trí acmhainn ar líne AgFood.ie.
Ó pheirspictíocht oibríochtúil, beartaítear go mbeidh fortháirgeoir rathúil i bhfeidhm faoi Ráithe 3 2021. Mar gheall ar shrian séasúrach atá ar an obair shuirbhé atá i gceist, is dóchúil go gcuirfear tús le suirbhéanna feirme u Ráithe 2 in 2022. Beidh ar an bhfortháirgeoir rathúil modheolaíocht suirbhé a fhorbairt agus oiliúint ar chomhairleoirí feirme a sholáthar fad a bhíonn ullmhúchán á dhéanamh sula dtabharfar an suirbhé isteach.
CRÍOCH