Fógraíonn an tAire McConalogue Aisíocaíocht don Scéim Íocaíochta Bunúsaí de luach €13.35 milliún
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear tús le híocaíochtaí de luach os cionn €13.35 milliún le thart ar 100,000 feirmeoir.
Baineadh an t-airgead seo as a n-íocaíochtaí faoin Scéim Íocaíochta Bunúsaí (BPS) 2019 faoin riail Smachta Airgeadais agus tá sé á aisíoc anois de réir rialacháin an Aontais Eorpaigh.
Dúirt an tAire McConalogue,
"Tá áthas orm a dhearbhú go bhfuil na híocaíochtaí seo á n-aisíoc anois le feirmeoirí incháilithe." Dúirt an tAire freisin, “leis na híocaíochtaí seo b’ionann an t-iomlán a íocadh le feirmeoirí Éireannacha faoin Scéim Íocaíochta Bunúsaí 2019 agus os cionn €1.194 billiún."
Nótaí don Eagarthóir:
I gcomhthéacs nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais Eorpaigh, tá asbhaint airgeadaíochta (1.4% don laghdú de 2019) ó roinnt íocaíochtaí díreacha i gceist leis an sásra smachta airgeadais arna chur i bhfeidhm ag na Ballstáit, rud a chruthaíonn Cúlchiste Géarchéime airgeadais don Aontas Eorpach. Tá sé i gceist ag an gcúlchiste géarchéime tacaíocht bhreise a sholáthar don earnáil talmhaíochta i gcás géarchéimeanna móra a dhéanann difear do tháirgeadh nó dáileadh talmhaíochta. Sa chás nach ngníomhófar an Cúlchiste Géarchéime sa bhliain airgeadais, nó nach n-úsáidtear go hiomlán é, aisíoctar an t-iarmhéid neamhúsáidte le feirmeoirí an bhliain airgeadais a thagann ina dhiaidh sin.