Fógraíonn an tAire McConalogue beart Mairteola Déiríochta €5 milliún
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur osclaíodh an beart nua Laonna Mairteola Déiríochta ar fiú €5 milliún é faoi Chlár Píolótach nua Éifeachtúlacht na hEarnála Mairteola. Is féidir iarratais ar an mbeart a dhéanamh trí agfood.ie agus is é an dáta deiridh Dé Luain, an 26 Aibreán.
Clár Píolótach Laonna Mairteola Déiríochta
D’fhógair an tAire gur osclaíodh beart nua agus ceannródaíoch Laonna Mairteola Déiríochta don bhliain 2021, a mbeidh leithdháileadh buiséid €5 milliún aige in 2021. Is é an cuspóir éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú, agus cabhair a thabhairt do na hearnálacha déiríochta agus mairteola a chomhcheangal níos mó trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil sliocht á thógáil acu ón tréad déiríochta. Is é an croíghníomh laonna incháilithe a mheá dá ndéantar íocaíocht €20 in aghaidh an lao le haghaidh a mhéid le 20 lao.
D’aithin an tAire McConalogue an fhéidearthacht mhór a bhí ann chun córais déiríochta agus mhairteola a chomhcheangal níos mó, chun sruth nua ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí mairteola agus luaigh sé é sin nuair a cuireadh leis an BEEP-S a fógraíodh le déanaí.
Luaigh sé,
“Tacóidh an pacáiste €45 milliún seo, ina iomláine, le feirmeoirí beostoic feabhas a chur ar fheidhmíocht gheilleagrach agus chomhshaoil a dtréad, agus cuirfidh sé tacaíocht ioncaim luachmhar ar fáil don earnáil chomh maith.
“Cuirtear an beart nuálach Mairteola Déiríochta €5 milliún seo ar fáil i ndiaidh gur oscail mé an próiseas iarratais go hoifigiúil don scéim BEEP-S €40 milliún do laonna. Táim tiomanta do thacaíocht fhadtéarmach a thabhairt d’fheirmeoireacht inbhuanaithe mairteola sa tír seo mar gheall go nglacann sé le ról ollmhór i ngeilleagar thuath na Éireann. Táim réidh le leanúint ag tacú lenár n-earnálacha laonna agus mairteola sa tréimhse amach romhainn.”
Beidh an próiseas iarratais ar oscailt go dtí Dé Máirt, an 26 Aibreán 2021.
Dúirt an tAire McConalogue cé go gcisteoidh státchiste na hÉireann an scéim, cuireadh an Coimisiún Eorpach ar an eolas ar shonraí na scéime i gcomhréir le Creat Cúnaimh Stáit Shealadaigh COVID-19.
Mar fhocal scoir, mheabhraigh an tAire d’fheirmeoirí agus comhairleoirí,
“Caithfear iarratais a dhéanamh ar líne ag agfood.ie agus caithfear a chinntiú gur éirigh leo a n-iarratas a sheoladh ar aghaidh, seachas stádas “dréachtiarratas” a bheith aige ar agfood.ie.”
Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána don dá bhearta faoi Chlár Píolótach Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola ar fáil ag
Nótaí don Eagarthóir:
Is é an cuspóir an Bhirt Laonna Mairteola Déiríochta tacú le cinnteoireacht ar fheirmeacha trí shonraí ar chaighdeán níos fearr faoi fheidhmíocht tréid agus éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú, agus cabhair a thabhairt chun na hearnálacha déiríochta agus mairteola a chomhcheangal níos mó trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil sliocht á thógáil acu ón tréad déiríochta.
CRÍOCH