Fógraíonn an tAire McConalogue cistiú do Thionscadail Laghdaithe Dramhbhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. na tionscadail a mbronnfaidh a Roinn cistiú orthu i mbliana faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe, do thionscnaimh atá dírithe ar dhramhbhia a laghdú a ghineann gnólachtaí bia, miondíoltóirí/mórdhíoltóirí, nó soláthraithe i gceantair thuaithe.
Dúirt an tAire McConalogue, agus na tionscadail rathúla agus an cistiú gaolmhar beagnach €180,000 á bhfógairt aige,
“De réir mar a thugaimid ár gcosa linn ó thréimhse dhúshlánach, tá gliondar croí orm gur féidir linn leanúint ag tacú le tionscadail i gceantair thuaithe atá dírithe ar dhramhbhia a laghdú agus cur lenár dtiomantas an méid bia a chuirimid amú a laghdú i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, SDG 12.3 san áireamh, a iarrann ar na náisiúin go léir dramhbhia a laghdú faoi dhó agus agus caillteanas bia a laghdú faoin mbliain 2030. Cuirfidh na tionscnaimh seo feabhas breise ar an obair a cistíodh roimhe seo chun saincheist a shainaithint, díriú air agus dul i ngleic leis, atá ag dul i méid go han-tapa ní hamháin anseo in Éirinn ach go domhanda. Cruthaítear breis agus 1 milliún tonna de dhramhbhia gach bliain in Éirinn. Is tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh roimhe seo leanúint le tionscnaimh a fhorbairt chun cabhrú le chun dul i ngleic leis an tsaincheist seo.
“Cistítear na tionscadail Laghdaithe Dramhbhia faoi Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe mo Roinne agus, ina theannta sin, bainfidh siad cuspóir foriomlán an chiste sin amach - an geilleagar tuaithe a fhuinnmhiú trí chruthú post nuálach agus forbairt fiontraíochta inbhuanaithe a spreagadh.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Cuireadh cistiú Laghdaithe Dramhbhia ar fáil do na tionscadail rathúla seo a leanas:
• An tIonad Teicneolaíochta Glaine (Clean Technology Centre), Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (CTC-CIT) – an Clár Oiliúna ar Líne ‘Bia a Bhlaiseadh’ (Savour Food) a chur ar fáil don tionscal a thabharfar isteach go náisiúnta chun dul i ngleic le dramhbhia i ngnólachtaí – (€59,900)
• Néal Bia (Food Cloud) – lorgaíonn an tionscadal seo an fhéidearthacht a fhiosú chun an fuílleach bia a athdháiltear ó earnáil ghairneoireachta na hÉireann a mhéadú – (€59,400).
• Bia a Shábháil (Foodie Save) – déanann seo aip mhóibíleach a fhorbairt agus a fhairsingiú níos mó a cheadaíonn gnólachtaí san earnáil bhia tráchtála an fuílleach bia nár dhíol siad faoi dheireadh an lae gnó a dhíol agus dramhbhia a laghdú dá bharr – (€28,700)
• Comhairle Contae Cheatharlach – an clár nua “Optimization+” a sholáthar a thugann tacaíochtaí le chéile do FBManna san Earnáil Bhia, Dí agus Fáilteachais chun samhail éifeachtach gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt don bhealach a chaitheann siad le bia agus dramhbhia – (€32,000)
CRÍOCH