Fógraíonn an tAire McConalogue cistiú thart ar €275,000 do thionscadail Turasóireacht Agraibhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh gur lorgaíodh tograí do Thionscnaimh Thurasóireacht Agraibhia faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe 2021 in Eanáir, d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., na tionscadail a mbronnfaidh an Roinn seo cistiú orthu.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Bhí na blianta 2020 agus 2021 deacair ar gach duine agus is deas liom roinnt dea-nuachta a thabhairt agus tacú leis na tionscnaimh seo san earnáil turasóireacht agraibhia agus cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin. Leagtar béim in Food Wise 2025 ar an tsineirge nádúrtha idir agraibhia agus turasóireacht áitiúil. Creidim go mbaineann tábhacht mhór le turasóireacht talmhaíochta i gceantair thuaithe chun na daoine, an tírdhreach, an stair agus an cultúr a thaispeáint trí thoradh talmhaíochta, bia agus deoch agus cócaireacht áitiúil. Anuas air sin, cuireann sé deiseanna ar fáil do ghnólachtaí tuaithe, feirmeoirí, táirgeoirí agus ceardaithe san áireamh, chun a dtáirgí agus a seirbhísí a fhorbairt, ceangal a dhéanamh leis an bpobal agus cuairteoirí agus scileanna agus dea-chleachtas a fheabhsú.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Cuireadh cistiú €275,010 ar fáil do na tionscnaimh rathúla seo a leanas:
o Drinks Ireland (Uisce Beatha Éireannach 360°) - €17,678
o Bialann agus Seomraí Inis Meáin (Feirm Inis Meáin) - €24,754
o The Honey Tour @Wildacres - €14,350
o Eispéireas Bia The Three Johns, Cill Airne - €12,528
o Líonra Éiceathurasóireacht Bhoirne (Raon Bia Bhoirne) - €25,000
o Comhairle Contae Chill Chainnigh (feachtas Digiteach agus Meán Sóisialta Taste Kilkenny) - €17,500
o Féile Bhia A Taste of Donegal - €13,600
o Turasóireacht Acla (Féile Teallaigh agus Phobail) - €13,600
o Margadh Feirmeoirí Achadh Conaire - €13,600
o Turais Bhia Mara Chruach Phádraig - €13,600
o O’Connell Marketing/Taste Wexford (Taste Wexford Development)- €13,600
o Comhairle Contae an Chabháin (Líonra Bia an Chabháin) - €13,600
o Comhairle Contae na Gaillimhe (Straitéis Turasóireacht Talmhaíochta agus Bia Think Tank) - €13,600
o Líonra Táirgeoirí Bia Thiobraid Árann (Turais agus Eispéiris Feirme) - €13,600
o Devenish Research Development and Innovation Ltd (Staidéar Indéantachta le haghaidh Foodscape) - €13,600
o Cumann Tráchtála Bhaile Átha Luain (Líonra Bia Bhaile Átha Luain) - €13,600
o Turais Bhia Árann - €13,600
o Féile Bhia Chontae Phort Láirge (Food the Waterford Way) - €13,600
CRÍOCH