Fógraíonn an tAire McConalogue gur cuireadh tús le luach €700,000 d’íocaíochtaí comhardaithe GLAS Plus a dhéanamh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go gcuirfear tús an tseachtain seo le híocaíochtaí comhardaithe a íoc a bhaineann le GLAS Plus (GLAS+). Ciallaíonn an fhógairt seo go ndéanfar luach beagnach €700,000 d’íocaíochtaí comhardaithe GLAS+ le breis agus 3,200 rannpháirtí sa Scéim Ghlas do Thimpeallacht na Talmhaíochta ar Bheagán Carbóin (GLAS).
Is ionann an íocaíocht chomhardaithe agus an 15% deireanach d’íocaíocht GLAS+ 2020 agus tugann sé an íocaíocht iomlán le haghaidh ghníomhartha GLAS a rinneadh in 2020 chun críche.
Agus eisiúint na n-íocaíochtaí á fógairt aige, dúirt an tAire,
“Táim an-sásta a bheith in ann tús a chur leis na híocaíochtaí comhardaithe GLAS+ a dhéanamh le breis agus 3,200 feirmeoir an tseachtain seo. Thug an cohórt seo de rannpháirtithe GLAS sárghealltanais timpeallachta agus bronntar luaíocht orthu faoi GLAS trí híocaíocht bhreise bhliantúil a mhéid le €2,000 maidir leis an mbliain 2020.”
Dúirt an tAire freisin,
“Méadaíonn íocaíocht €700,000 an lae inniu luach na n-íocaíochtaí iomlána a rinneadh go dtí seo maidir le GLAS aníos go dtí breis agus €1 billiún. Is deas liom a lua freisin sé gur íocadh 96% de rannpháirtithe GLAS anois go hiomlán maidir lena ngealltanais GLAS don bhliain 2020.”
Leanfar le híocaíochtaí a eisiúint in aon chásanna nach ndearnadh íocaíocht. Spreag an tAire aon fheirmeoirí a raibh aon cheisteanna acu nár réitíodh go dtí seo chun freagairt don Roinn go pras chun go ndéanfar íocaíochtaí a eisiúint.
Leanann an scéim timpeallachta talmhaíochta thábhachtach seo le spriocanna a bhaint amach ar aon dul le Plean Gníomhaíochta na Roinne 2021 a bhuntacaíonn le gach sprioc chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus meath ar bhithéagsúlacht a aisiompú. Cuirfidh an scéim leibhéil shuntasacha de dhíbhinní timpeallachta ar fáil i mbliana, díriú ar thírdhreacha leochaileacha (coimíneacht ina measc), speicis ar leith éin a sainaithníodh agus sruthchúrsaí ardstádais a chosaint san áireamh. I measc na dtorthaí eile a eascraíonn as GLAS, tá breis agus 60,000 heicteár de mhóinéir thraidisiúnta féir a chosaint, breis agus 5,500 séadchomhartha seandálaíochta a chosaint, breis agus 1.1 milliún méadar d’fhálta sceach nua a chur agus a chothabháil, áiseanna neadaithe d’éin, ialtóga agus beacha a sholáthar, agus breis agus 1.5 milliún crann a chur agus a chothabháil.
Nóta d’eagarthóirí:
Féadtar teagmháil a dhéanamh le Rannán GLAS trí ríomhphost a sheoladh chuig GLAS@agriculture.gov.ie
Is féidir féachaint ar Ráiteas Straitéise (2021-2024) agus Plean Gníomhaíochta 2021 na Roinne ar láithreán gréasáin na Roinne ag an seoladh seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/
CRÍOCH