Fógraíonn an tAire McConalogue Iarraidh ar Thairiscint do thionscadail do shamhail feirmeoireachta sóisialta faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe (an RIDF)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., nós imeachta soláthair phoiblí iomaíoch faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe 2021 a lorgaíonn soláthraithe seirbhíse a bhfuil an fhís agus an cumas acu tionscadal do shamhail shubstainteach feirmeoireachta sóisialta a fhorbairt. Tá cistiú €400,000 ar fáil i mbliana agus beidh €100,000, ar a mhéid, ar fáil d’aon tionscadal amháin.
Luaigh an tAire McConalogue,
“Is deas liom a fhógairt gur eisigh mo Roinn an iarraidh seo ar thairiscint. Fiontar spreagúil agus rathúil é feirmeoireacht shóisialta a chruthaíonn go leor tairbhí. Tionscnamh é a chothaíonn ionchuimsiú i measc grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus cruthaíodh go gcuireann sé ar chumas rannpháirtithe féinmheas a fhorbairt agus sláinte agus folláine a fheabhsú. Nuair a bhítear ag oibriú ó fheirm theaghlaigh oibre, tacaíonn na tionscnaimh seo le héagsúlú feirme agus cabhraíonn siad le feirmeoirí ceangail a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne.”
Cuireadh an tairiscint in airde ar an láithreán gréasáin ríomhthairiscintí www.etenders.gov.ie/ (RFT 186491 - Tionscadal feirmeoireachta sóisialta a sholáthar) agus is é an spriocdháta 5pm, an 10 Bealtaine 2021.
Is éard is feirmeoireacht shóisialta ná an cleachtas ina gcuirtear rannpháirtíocht san fheirmeoireacht agus sa ghairneoireacht ar fáil ar bhonn deonach i dtimpeallacht feirmeoireachta mar rogha do dhaoine a gcuirtear réimse seirbhísí tacaíochta teiripeacha lae ar fáil dóibh. Cuirtear na hoibríochtaí seo ar siúl i roinnt suíomhanna - ar fheirmeacha oibre teaghlaigh, i dtionscnaimh phobail áitiúil agus trí chreataí níos institiúide.
CRÍOCH