Fógraíonn an tAire McConalogue méadú ar Chostálacha TAMS - Uasteorainn infheistíochta don earnáil muc agus éanlaithe fógartha freisin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. an t-ardú ar chostais tagartha na TAManna inniu le harduithe idir 5-15% ar na míreanna infheistíochta atá liostaithe faoi TAMS, sin sa bhreis ar arduithe 5-20% ar chostálacha a tugadh isteach cheana i mí iúil 2021. Tagann siad seo tar éis athbhreithniú iomlán a bheith déanta ag DAFM ar chostais tagartha na scéime. D’fhógair an tAire freisin inniu méadú, ó €80,000 go €200,000, ar an uasteorainn infheistíochta don Scéim Infheistíochta Muc agus Éanlaithe (PPIS) faoi TAMS a cuireadh tús léi ó osclaíodh tráinse 26 de TAMS an 9ú Aibreán 2022.
D’fhógair an tAire go bhfuil na hathruithe seo curtha i bhfeidhm le héifeacht ó Thráinse 26 a d’oscail Dé Sathairn an 9ú Aibreán 2022.
Dúirt an tAire:
“Tá forbairt leanúnach na n-earnálacha muiceola agus circeola mar thosaíocht agam i bhfianaise an phríomhróil atá ag na hearnálacha seo sa chomhthéacs eacnamaíoch náisiúnta. Tá tacaíochtaí tiomnaithe tugtha ar aghaidh agam le seachtainí beaga anuas d’fheirmeoirí muc chun cuidiú sa tréimhse reatha de dhúshlán gan fasach a d’eascair as ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin, agus a thionchar ar chostais beathaithe. Fáiltím roimh an méadú ar an uasteorainn TAMS mar go bhfuil sé mar chuid den phacáiste níos leithne beart a tugadh ar aghaidh chun tacú leis an earnáil.
Tá an scéim TAMS ar cheann de na scéimeanna atá ag dul ó neart go neart go dtí seo agus €335m i gcúnamh deontais íoctha le feirmeoirí le haghaidh infheistíochtaí ar a bhfeirmeacha faoin gClár Forbartha Tuaithe. Tuigim go maith an t-ardú tobann reatha i gcostais tráchtearraí agus tógála faoi láthair. Déanaimid athbhreithniú ar chostais tagartha na scéime ar bhonn leanúnach agus is é seo an triú méadú ar chostais le 3 bliana anuas. Is cúis áthais dom an t-ardú ar na costais tagartha faoi TAMS a fhógairt agus ba mhaith liom a mheabhrú do na feirmeoirí go léir a bhfuil oibreacha ceadaithe críochnaithe acu agus a bhfuil éilimh ar íocaíocht gan íoc acu maidir le TAMS iad a chur faoi bhráid chóras ar líne na Roinne a luaithe a bheidh na hoibreacha críochnaithe chun eisiúint phras íocaíochtaí a éascú.”
Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil an uasteorainn infheistíochta faoin Scéim Infheistíochta Muc agus Éanlaithe méadaithe ó €80,000 in aghaidh an ghabháltais go €200,000 in aghaidh an ghabháltais. Cabhróidh sonraíochtaí na scéime le feirmeoirí bonneagar leasa níos airde a shuiteáil ar a bhfeirmeacha. Faoi fhorálacha scéim TAMS, beidh cúnamh deontais ar fáil ag ráta 40% den chaiteachas agus 60% d’fheirmeoirí óga.
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Martin Heydon T.D.:
“Tuigim go rímhaith na deacrachtaí tromchúiseacha atá le sárú ag earnáil na muc faoi láthair, ach, cuirfidh na míreanna infheistíochta nua, mar aon le bearta eile a tugadh ar aghaidh chun cuidiú leis an earnáil, ar chumas feirmeoirí pleanáil le haghaidh téarnaimh ón am deacair seo. Féadfaidh feirmeoirí muc cíbe roghanna infheistíochta is fearr a oireann dá ngabháltas a roghnú, cíbe uasghrádú breise a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana féin chun costais reatha a laghdú nó tithíocht bhreise a sholáthar dá stoc reatha.”
Nóta do na hEagarthóirí
Tá tuilleadh sonraí ar na bearta TAMS II ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:
Tá an Scéim Infheistíochta Muc agus Éanlaithe ar cheann de na seacht mbeart atá ar fáil faoi TAMS II.