Fógraíonn an tAire Noonan cistíocht de €3m le haghaidh 85 tionscadal oidhreacht thógtha faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla 2021
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, TD, inniu (30 Aibreán 2021) go mbainfidh 85 tionscadal oidhreacht thógtha trasna na tíre leas as iomlán de €3m faoi Chiste um Struchtúir Stairiúla na bliana seo (HSF).
Ag fógairt na cistíochta seo inniu, dúirt an tAire Noonan:
‘Tá áthas orm infheistíocht eile de €3m in ár n-oidhreacht thógtha a fhógairt. Cabhróidh Ciste um Struchtúir Stairiúla na bliana seo le 85 úinéir agus coimeádaí struchtúr stairiúil agus caomhnaithe trasna na tíre agus iad i mbun raon de thionscadail chaomhnaithe chun ár n oidhreacht thógtha a dheisiú agus a chaomhnú agus tabharfar tacaíocht d’fhostaíocht áitiúil do cheardaithe agus do dhaoine le scileanna caomhnaithe acu. Tá áthas orm ach go háirithe cistíocht a thabhairt do struchtúir dhúcasacha agus d’aghaidheanna siopaí stairiúla faoi dhá shruth píolótach nua na bliana seo. Ceiliúrann an chistíocht seo saibhreas agus éagsúlacht ár n oidhreacht thógtha agus cuidíonn sí lenár nascanna leis na glúinte roimhe a chaomhnú, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do scileanna tógála tradisiúnta, atá mar aidhm ag an Rialtas a chaomhnú.’
‘Is féidir liom a fhógairt freisin go bhfuil mé ag athoscailt iarratais ar chistíocht d’aghaidheanna siopaí Gaeilge agus foilseoidh mé breis sonraí ar ball beag.’
Maraon le tacaíocht a thabhairt d’úinéiri agus do choimeádaithe struchtúr stairiúil iad a dheisiú agus a chaomhnú, tabharfaidh an chistíocht seo treisiú sontasach do cheardaithe tógála agus oidhreachta áitiúla trí oibreacha le luach iomlán de bheagnach €9m agus thart ar 13,000 lá oibre a éascú.
Leanann an fógra seo an chistíocht de €3m i scéim deontais eile na Roinne, An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha, a d’fhógair an tAire Noonan níos luaithe sa mhí seo agus tarlaíonn sí ag an am céanna is a bhfuil filleadh céimnithe ar oibreacha tógála ar siúl. Ar ndóigh, is gá go d’oibreacha uile faoi na scéimeanna seo clói go huile is go hiomlan le treoracha an Rialtais/FSS ar Covid-19.
Ag labhairt dó ar an bhfógra, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD:
‘Tá áthas orm freisin,maraon le mo chomhghleacaí an tAire Noonan,an infheistíocht seo de €3m thar raon de thionscadail trasna na tíre, a fhógairt faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla. Cabhraíonn na scéimeanna seo, lenár n oidhreacht thógtha shaibhir a chosaint, ag coinneáil roinnt mhaith foirgnimh in úsáid agus roinnt mhaith eile a thabhairt ar ais in úsáid. Tá fáilte le cur roimh na deontais a fhógraítear inniu leis an iarmhairt tulchnagtha atá acu don gheilleagar trí fhostaíocht a chruthú do chonraitheoirí oidhreachta agus do cheardaithe agus trádálaithe oilte trasna na tíre.’
Le deontais idir €15,000 agus €200,000, cabhraíonn an HSF le húinéirí struchtúr stairiúil – iadsan ar Thaifead na Struchtúr Stairiúil agus i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta san áireamh – an dualgas atá orthu aire a thabhairt don mhaoin a chomhlíonadh. Tugann an scéim cabhair do raon leathan de struchtúir stairiúla – áirítear i HSF na bliana seo, droichid, sciobóil, tithe cúirte, aghaidheanna siopaí agus balla cloiche tirim, i dteannta le tithe príobháideacha. San áireamh freisin faoin HSF 2021 tá dhá shruth phíolótach, ceann chun foirgnimh dhúcasacha a chaomhnú agus an ceann eile chun aghaidheanna siopaí stairiúla a chaomhnú.
Tugadh an sruth píolótach dúchasach isteach i gcomhthéacs na Straitéise Dhúchasaí atá le foilsiú. Struchtúir Dhúcasacha is ea foirgnimh agus gnéithe tógtha eile den tírdhreach neamhfhoirmiúil nó dhúcasach, ceaptha agus tógtha ag gnáth dhaoine, seachas daoine in údarás. D’úsáid na tógálaithe idéanna agus teicnicí seachadta laistigh den chlann agus den phobal áitíuil, ag cinntiú go mbeadh an dúcasach mar chuid shuntasach d’ár n oidhreacht thógtha dholáimhsithe. Tar éis measúnaithe, gheobhaidh sé struchtúr dhúcasach – lena n áirítear balla cloiche tirim agus roinnt iostáin - cúnamh deontais trí HSF na bliana seo.
Tugann an sruth píolótach d’aghaidheanna siopaí aitheantas d’aghaidheanna siopaí tradisiúnta mar chuid shaibhir d’ár n oidhreacht thógtha agus do bhailtedhreach stairiúla. Faoin sruth seo, tugadh cuireadh d’úinéirí cur isteach ar chistiú chun tacaíocht a fháil d’oibreacha stairiúla, lena n áirítear comhlaí iomartha nó scáthbhrait, comharthaíocht, geataí, painéil thairsigh mósóice nó tílithe agus comharthaíocht chroctha a dheisiú, maraon le deisiúcháin mhímhaiseach agus iomarcach níos déanaí a bhaint amach, msh, cáblú, soilsí agus comharthaíocht. Tar éis measúnaithe, gheobhaidh cúig aghaidh siopa – lena n áirítear cógaslainn íocónacha, Price’s Medical Hall ar Shráid an Chláraigh i mBaile Átha Cliath agus DW Parke ar Shráid Gladstone, Cluain Meala – cúnamh deontais trí HSF na bliana seo.
Beidh cistíocht á tabhairt freisin do naoi thionscadal atá ag fáil airgid thar dhá bhliain faoi HSF 2020 as leithdháileadh €3m na bliana seo.
Chuir an tAire Stáit don Rialtas Aitiuil, Peter Burke, TD, fáilte chomh maith leis an bhfógra, ag rá:
‘Mar atá leis an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha, is toradh é an rath atá ar an gCiste um Struchtúir Stairiúla den dhlúth chaidreamh oibre atá ann idir an Roinn agus na hÚdaráis Áitiúla, ach go háirithe na hOifigigh Chaomhantais Ailtireachta, na hOifigigh Oidhreachta agus baill foirne pleanála agus riaracháin, a chinntíonn go n éiríonn leis na scéimeanna seo. Tá áthas orm go háirithe a fheiceáil gur tógadh isteach sruth d’aghaidheanna siopaí, ag infheistiú inár mbailtedhreach stairiúla, i gcomhréir le tiomantas an Rialtais tús áite a thabhairt do Lár na mBailte.’
Historic Structures Fund 2021: List of Grant Recipients
Historic Structures Fund 2021: List of Grant Recipients
CRÍOCH