Fógraíonn an tAire Rabbitte an chéad sciar den Ciste um Neartú Seirbhísí Míchumais €20m
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi as Seirbhísí Míchumais sa Roinn Sláinte, Anne Rabbitte TD, inniu an chéad sciar d’iarratais rathúla chuig an gCiste um Neartú Seirbhísí Míchumais €20 milliún.
Fógartha mar chuid de Bhuiséad 2021, tá na deontais aonuaire á gcur ar fáil chun seirbhísí míchumais a athchóiriú, acmhainn eagraíochtaí míchumais a fhorbairt agus feabhas a chur ar chaighdeán beatha iad siúd a bhraitheann ar na seirbhísí seo.
Dúirt an tAire Rabbitte:
"Tá raon leathan iarratas curtha isteach ag seirbhísí míchumais ar fud na tíre, agus é mar aidhm acu seirbhísí a fheabhsú ar bhealach fíor agus inbhraite. Lorgaíomar tionscadail a chuidíonn le cultúr cleachtais duine-lárnach a leabú tuilleadh, rud atá ríthábhachtach maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn seirbhísí míchumais.
"Sa chéad timthriall cistithe seo, áirítear ar thionscadail a faomhadh feabhsúcháin ar áitribh, mar shampla spásanna áineasa breise, spásanna teiripeacha agus gairdíní céadfacha, chomh maith le teicneolaíochtaí cúnta, gléasanna táibléid agus ríomhairí eile a cheannach d’úsáideoirí seirbhíse, agus leathanbhanda a sholáthar chuig áitreabh do dhaoine faoi mhíchumas. Soláthraíodh deontais freisin le haghaidh uasghrádú agus athchóiriú foirgneamh, bearta sábháilteachta dóiteáin nuashonraithe agus uasghrádú a bhfuil géarghá leis ar chórais TF agus oiliúint foirne.
"Tá an Ciste um Neartú Seirbhísí Míchumais anuas ar an €100 milliún breise a seachadadh i mBuiséad 2021 agus leagann sé béim ar thiomantas an rialtais seo tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú. Treiseoidh na deontais seo ár soláthraithe seirbhíse míchumais deonacha tuilleadh agus cuideoidh siad leo chun na dúshláin a bhíonn rompu agus iad ag seachadadh seirbhísí a chomhlíonadh. Tá deontais bhreise á meas faoi láthair agus fógrófar iad níos déanaí sa mhí.
"Lean seirbhísí míchumais ag feidhmiú le linn srianta reatha Leibhéal 5, agus is creidiúint é seo don fhoireann agus do sholáthraithe seirbhíse. Chonaiceamar an tionchar a bhí ag dúnadh na Seirbhísí Lae anuraidh ach d’oibríomar le chéile chun iad a choinneáil oscailte, ag cinntiú tacaíochta d’úsáideoirí seirbhíse agus dá dteaghlaigh, agus muid ag feidhmiú go sábháilte laistigh de treoir sláinte phoiblí. Cuideoidh an cistiú seo le feabhas a chur ar sheirbhísí atá á dtairiscint le linn na tréimhse deacra seo."
CRÍOCH
Féach leis seo liosta iomlán an chistithe a fhaigheann gach soláthraí seirbhíse. Tagraíonn an tuairisceoir ‘Contae’ do shuíomh na bpríomhoibríochtaí/na príomhoifige. Oibríonn go leor soláthraithe áitiúla i gcontaetha in aice láimhe chomh maith, mar a léiríonn raon an CHO.
Tá Painéal Measúnaithe FSS ag athbhreithniú na n-iarratas a fuarthas faoin scéim seo, de réir na gcritéar measúnaithe atá leagtha amach. Tá an painéal tar éis dul ar aghaidh go téamach.
Tá tionscadail fhaofa faoi réir téarmaí agus coinníollacha iomchuí, agus scríobhfaidh FSS chuig deontaithe ag leagan amach na gcoinníollacha a bhaineann le deontais aonair.