Fógraíonn an tAire Rabbitte síneadh go dtí 2023 ar an mBuiséad Pearsantaithe Píolótach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Teachta Dála Anne Rabbitte inniu, an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, go gcuirfear síneadh leis an mBuiséid Pearsantaithe Píolótach go dtí Ráithe 3 2023, agus go gcríochnófar an próiseas meastóireachta a théann leis i Ráithe 2, 2024.
Is éard is Buiséad Pearsantaithe ann, ná méid maoinithe do dhuine atá incháilithe dó faoi mhíchumas, ionas gur féidir leis an duine a socruithe féin a dhéanamh chun freastal ar riachtanais tacaíochta ar leith, murab ionann is a gcuid riachtanas a bheith comhlíonta go díreach dó ag soláthraí seirbhíse atá ar conradh ag an Stát.
Dúirt an tAire Rabbitte:
"Tá áthas orm a bheith in ann síneadh a chur le scéim phíolótach an Bhuiséid Phearsanaithe go dtí deireadh na bliana seo chugainn, rud a fhágann go bhfuil am agus spás ann le forbairt a dhéanamh. Ní mór dúinn seirbhís a mhúnlú nach bhfuil ag brath ar thacaíocht ionad-bhunaithe, atá solúbtha agus atá in ann leas a bhaint as raon sain-acmhainní agus acmhainní príomhshrutha.
"Tá an oiread sin suime sa scéim phíolótach, agus tugadh aitheantas dáiríre don fhéidearthacht go bhféadfadh Buiséid Phearsantaithe a bheith ina chor cinniúnach i gcúrsaí Míchumais. Chuir go leor daoine ceist orm an bhféadfaidís páirt a ghlacadh sa scéim phíolótach seo, agus is é sin an fáth gur iarr mé ar FSS na léirithe spéise a oscailt arís dóibh siúd a bhféadfadh spéis a bheith acu ann.
"Le Buiséid Phearsantaithe, is féidir rogha agus rialú níos fearr a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas ar na seirbhísí agus na tacaíochtaí a fhaigheann siad, agus d’fhéadfadh ról suntasach a bheith acu maidir le tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh sna blianta amach romhainn.
"Tá lúcháir mhór orm faoin scéim phíolótach seo agus an dóigh a bhféadfadh leis todhchaí na míchumais in Éirinn a fheabhasú. Tá lúchair orm freisin go gcuirfidh sé feabhas ar an dóigh a bhainistíonn agus a fhaigheann daoine faoi mhíchumas na tacaíochtaí is tábhachtaí dóibh, agus go gcabhróidh sé leis an saol atá uathu a chur ar fáil."
Tá dul chun cinn suntasach déanta chun an Buiséad Pearsantaithe a bhunú agus tá breis agus 100 rannpháirtí gníomhach ar an scéim phíolótach faoi láthair. Fógróidh FSS cuireadh eile ar léiriú spéise do rannpháirtithe gan mhoill.
Mhol an Grúpa Maoirseachta ar Bhuiséid Phearsantaithe, atá comhdhéanta d'oifigigh ón Roinn Sláinte, ón Údarás Náisiúnta Míchumais agus ó FSS, síneadh a chur leis an scéim Phíolótach do Bhuiséid Phearsanaithe atá ar siúl faoi láthair. Rinne an tAire Rabbitte é seo a mheas agus a cheadú ansin.
Éascóidh an síneadh rannpháirtíocht ó iarratasóirí oiriúnacha, agus ceadóidh sé am chun meastóireacht láidir a dhéanamh freisin.