Fógraíonn an tAire Stáit um Meabhairshláinte agus Daoine Aosta bunú Coiste Náisiúnta um Chur i bhFeidhm agus Monatóireacht ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé á fhógairt inniu ag an Aire Stáit um Meabhairshláinte & Daoine Aosta, Mary Butler TD, ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte, go bhfuil struchtúr Choiste Náisiúnta um Chur i bhFeidhm agus Monatóireacht (NIMC) á bhunú, a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus rolladh amach Ag Roinnt na Físe – Polasaí Meabhairshláinte do Chách agu é a chur chun cinn. Ceapfar Cathaoirleach neamhspleách agus ballraíocht an NIMC sna seachtainí atá romhainn.
Foilsíodh an polasaí náisiúnta athnuaite um mheabhair shláinte, Ag Roinnt na Físe – Polasaí Meabhairshláinte do Chách 2020-2030 i Meitheamh 2020. Leagann an polasaí amach an t-athrú forásach i seachadadh seirbhísí meabhairshláinte ó líon na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil go dtí na torthaí a bhaintear amach do dhaoine atá ag baint úsáide as na seirbhísí. Cuirfidh Ag Roinnt na Físe leis an méid a baineadh amach in Fís don Athrú, leis an bhéim ar thiomantas trasearnála agus idir-rannach maidir le torthaí meabhairshláinte mhuintear na hÉireann a fheabhsú thar saolré an pholasaí. Tá sé i gceist ag an bpolasaí seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú trí réimse tacaíochtaí a chur ar fáil, ón meabhairshláinte a chur chun cinn, go dtí cosc a chur ar an meabhairghalar, idirghabháil a dhéanamh go luath, agus géarsheirbhísí agus seirbhísí speisialtóra a sholáthar. Beidh sé mar aidhm riachtanais an duine aonair a chur i gcroílár na seirbhísí. Is céim thosaigh fíorthábhachtach í bunú an NIMC chun maoirseacht and monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar na moltaí atá in Ag Roinnt na Físe.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
"Is tosaíocht í an Mheabhairshláínte don Rialtas seo, go háirithe ag an am éiginnte agus strusmhar seo. Is cloch mhíle shuntasach í bunú an NIMC ar ár dturas tírdhreach na seirbhísí meabhairshláinte a athrú."
Dúirt an tAire Stáit um Meabharshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD:
"De réir mar a leanaimid orainn ag maireachtáil le COVID-19, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear i bhfeidhm go rathúil Ag Roinnt na Físe chun creat a sholáthar a chuirfidh feabhas ar ár gcóras meabhairshláinte agus a chuirfidh ar chumas ár n-earnáil mheabhairshláinte dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn anois agus atá le teacht. Chuige sin, inniu ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte, tá áthas orm an NIMC a bhunú, mar beidh sé an-tábhachtach chun an móiminteam a choimeád suas le linn na 10 bliana a bheidh an polasaí ann."
Chomh maith leis an NIMC a bhunú, tá an tAire ag seoladh bileog thacaíochta don mheabhairshláinte do dhaoine óga inniu freisin, atá mar thoradh ar chomhoibriú idir an Roinn Sláinte agus an Roinn Oideachais agus Scileanna, le cúnamh ó FSS.
Léireoidh an bhileog seo agus beidh sonraí ann ar roinnt tacaíochtaí agus seirbhísí éagsúla don mheabhairshláinte le haghaidh daoine óga agus a dtuismitheoirí ar fud na tíre. Scaipfear an bhileog do 4,000 scoil agus beidh daoine atá ag obair le daoine óga ábalta í a íoslódáil. Tá sonraí maidir leis na seirbhísí seo le fáil ag www.yourmentalhealth.ie.
Dúirt and tAire Butler:
"Tá an-chuid daoine ar fud na tíre a dhéanann jab iontach ag cuidiú le daoine óga le cúrsaí meabhairshláinte. Táimid ag dul tríd am gan fasach maidir le himní agus buairt in Éirinn agus teastaíonn uaim bheith cinnte go bhfuil eolas ar fáil do dhaoine óga. Táim dóchasach go bhfaighfidh go leor díobh an cúnamh atá á lorg acu nuair is gá agus go gcabhróidh an fhoinse eolais bhreise seo leo."
Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:
"Is saincheist don rialtas iomlán í folláine agus meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn dár leanaí agus dár ndaoine óga go léir, agus tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh le linn na paindéime COVID-19. Tá ról an-tábhachtach ag scoileanna anseo trí chaidrimh tacúla agus cosantacha a chur ar fáil, muintearas a chothú agus tacú le forbairt scileanna oiriúnaitheacha. Tá a fhios againn, áfach, go bhféadfadh sé go mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil ó roinnt daltaí agus mar sin, is cúis áthais dom é go bhfuil an bhileog tacaíochta meabhairshláinte seo á cur ar fáil do scoileanna."
CRÍOCH
An aidhm a bheidh ag an struchtúr Coiste Náisiúnta um Chur i bhFeidhm agus Monatóireacht (NIMC) ná athchumrú a dhéanamh ar ár seirbhísí meabhairshláinte, monatóireacht a dhéanamh ar dhul chin cinn in aghaidh torthaí, agus na gealltanais atá leagtha amach inár bpolasaí a sheachadadh. Oibreoidh an NIMC le comhpháirtithe chun feidhmíocht agus dul chun cinn i gcoitinne a mheas agus comhairle a thabhairt ar an dea-chleachtas, bunaithe ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Ina theannta sin, bunófar Grúpa Feidhmithe de chuid FSS chun dul i mbun caidrimh le comhpáirtithe chun na moltaí sa pholasaí athnuaite a sheachadadh. Tuairisceoidh an Grúpa Feidhmithe de chuid FSS don NIMC ar an dul chun cinn maidir le gníomhartha sa pholasaí a chur i bhfeidhm.
Bunóidh an NIMC agus an Grúpa Feidhmithe FSS fochistí a chuirfidh comhairle ar fáil maidir le réimse moltaí speisialithe sa pholasaí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an t-aistriú ó sheirbhísí leanaí & daoine óga go dtí seirbhísí do dhaoine fásta; measúnú ar an líon leapacha atá ann d’othair chónaitheacha, tacú le riachtanais mheabhairshláinte an phobail, measúnú ar shonraí ó thionscnaimh phíolótacha ríomhsheirbhísí sláinte, agus moltaí eile in Ag Roinnt na Físe.
Tá sé i gceist go ndéanfaidh páirtithe leasmhara ionadaíocht ar NIMC agus ar fhochistí. Tabharfaidh siad comhairle agus cuideoidh siad leis na moltaí polasaí a sheachadadh go héifeachtach, agus ina measc beidh úsáideoirí seirbhíse, daoine muinteartha/cúramóirí, soláthróirí seirbhíse agus daoine ón earnáil dheonach.
Oibreoidh an Roinn Sláinte le FSS chun spriocanna pleanála seirbhíse agus maoiniú a chomhaontú don pholasaí ar bhonn bliantúil, faoi réir paraiméadair buiséadacha.
Cuirfidh an Roinn comhairle ar an Aire Sláinte agus ar an Aire Stáit maidir le cur i bhfeidhm leanúnach agus cuirfidh sí tuairisc ar fáil go rialta ar dhun chun cinn NIMC ag leibhéal Coiste Comh-Aireachta, mar atá leagtha amach sa pholasaí nua.