Fógraíonn McConalogue go bhfuil Scéim Cuir-le-Balla Breatimeachta don chabhlach iascaigh á hoscailt
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue inniu go bhfuil Scéim Shealadach Cuir-le-Balla don Chabhlach Iascaigh á seoladh. Cabhróidh an scéim le tionchar na gciorruithe cuóta ar an gcabhlach iascaigh a mhaolú, a eascraíonn as an gComhaontú Comhoibrithe agus Trádála a comhaontaíodh i mí na Nollag idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Seachadaíonn an scéim moladh a rinne Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara ina Thuarascáil Eatramhach i Meitheamh 2021. Tá an scéim dírithe ar shoithí iasc geal Ilfhiúsacha agus Bíoma.
Dúirt an tAire:
“Ag eascairt ón gComhaontú Comhoibrithe agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, beidh Éire ag cailliúint 26,412 tonna cuóta in aghaidh na bliana ar bhonn céimnithe go dtí 2026, ar a bhfuil luach de thart ar €43 milliún. Bíonn tionchar ag na ciorruithe cuóta seo ar mhórán den stoc éisc is luachmhaire atá againn agus tionchar suntasach ar ioncam inár gcabhlach iascaigh in 2021. Tá macnamh cúramach déanta ag an Tascfhórsa a bhunaigh mé i Márta ar an tsaincheist seo agus mhol sé ina Thuarascáil Eatramhach i Meitheamh 2021 go gcuirfí i bhfeidhm scéim shealadach cuir-le-balla don chabhlach iasc geal chun go mbainfí an úsáid is fearr is féidir as an gcuóta laghdaithe atá ar fáil in 2021 agus chun a chinntiú go mbeidh leanúnachas maidir le soláthar ann don chuid eile den bhliain”.
Lean an tAire air:
“Leis an scéim seo atá á seoladh agam inniu, tabharfar cuireadh do shoithí ilfhiúsacha agus bíoma dul le balla ar feadh tréimhse míosa amháin ó Dheireadh Fómhair go dtí Nollaig 2021. Rachadh na soithí seo le balla ar an gcé agus ní bheadh aon ghníomhaíocht iascaireachta ar siúl acu i rith na míosa sin. Gheobhadh úinéir an tsoithigh íocaíocht mar chúiteamh ar an ioncam iascaireachta nach bhfuarthas. Éileofar ar úinéir an tsoithigh ansin trian amháin den íocaíocht sin a roinnt i measc an chriú. Beidh feidhm ag na rátaí íocaíochta a leanas”.
Méid an tsoithigh Íocaíocht ar feadh míosa
Faoi 10 m €4,600
10 < 12 m €7,100
12 < 15 m €14,200
15 < 18 m €24,500
18 < 21 m €45,400
22 < 24 m €59,000
24m < 40 m €88,700
Beidh an Scéim á riar ag Bord Iascaigh Mhara agus beidh tuilleadh sonraí le fáil ó BIM in am trátha ag bim.ie/fisheries/funding/
Nótaí d’Eagarthóirí
I mí an Mhárta 2021, bhunaigh an tAire McConalogue Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara chun scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí do thionscal Iascaireachta na hÉireann agus do phobail chósta atá ag brath go mór air ag eascairt as Comhaontú Trádála agus Comhoibrithe an Breatimeachta, a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Cuireadh de chúram ar an Tascfhórsa, faoi chathaoirleacht Aiden Cotter, tionscnaimh a mholadh a d’fhéadfaí a ghlacadh chun tacaíochtaí a sholáthar d’fhorbairt agus d’athstruchtúrú, d’fhonn cabhlach iascaigh brabúsach inbhuanaithe a chinntiú agus deiseanna a aithint le haghaidh post agus gníomhaíocht eacnamaíoch i bpobail chósta atá ag brath ar iascaireacht. D’iarr an tAire go gcuirfí tuarascáil eatramhaach ar fáil ag díriú ar shocruithe do scéim sealadach um scoir cabhlaigh dheonach chun dul i gcoinne thionchar an laghdaithe ar chuótaí, agus tuarascáil iomlán Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara ina dhiaidh sin. Fuarthas an Tuarascáil Eatramhach i Meitheamh 2021. Bhí imréiteach Cúnaimh Stáit ag teastáil ón gCoimisiún Eorpach agus deonaíodh é seo an 3 Meán Fómhair 2021.
Leanfaidh Tasc na hEarnála Bia Mara lena chuid oibre d’fhonn tuarascáil chríochnaitheach a tháirgeadh le cur faoi bhráid na hAire. Iarrann na téarmaí tagartha ar an Tascfhórsa imlíne a thabhairt ar na socruithe do scéim dhíchoimisiúnaithe dheonach nó do thionscnaimh eile chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhoibrithe agus chun straitéisí forbartha eile a imlíniú chun pobail chósta a neartú agus a fheabhsú atá ag brath go háirithe ar an tionscal bia mara. . ~ Déanfaidh an Tascfhórsa athbhreithniú ar na roghanna freisin agus molfaidh sé bearta a d’fhéadfaí a dhéanamj a chuideodh leis an ualach atá ar Éirinn a laghdú ó aistrithe scaireanna cúota iascaireachta chuig an Ríocht Aontaithe.
Is féidir Tuarascáil Eatramhach an Tascfhórsa Bia Mara a fháil
CRÍOCH