Fógraíonn na hAirí Donnelly agus Rabbitte tionscnamh Sláintecare €7.8m chun an riaráiste maidir le Measúnú Riachtanais do leanaí a ghlanadh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD agus an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas Anne Rabbitte TD tionscnamh nua Sláintecare inniu chun an riaráiste maidir le Measúnú Riachtanas do leanaí a ghlanadh, agus chun tacú le rolladh amach Foirne Líonra do Leanaí faoi Mhíchumas.
Tá an beart seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt do leanaí agus do theaghlaigh a bhfuil amanna feithimh fada acu faoi láthair le haghaidh Measúnú Riachtanais agus cinnteoidh sé freisin go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí leantacha níos gasta.
Agus iad ag dul i seilbh oifige, d’aithin an dá Aire rochtain fheabhsaithe ar Mheasúnú Riachtanais mar chomhthosaíocht.
Tá ceadú inniu do phacáiste beart €7.8m chun aghaidh a thabhairt ar an riaráiste leanaí agus teaghlach atá ag fanacht le measúnuithe ar riachtanas, a mhéadaigh le roinnt blianta anuas, sular tugadh isteach an nós imeachta oibríochta caighdeánach athbhreithnithe do Mheasúnú Riachtanais i mí Eanáir 2020.
Dúirt an tAire Donnelly “Is minic a leag mé béim roimhe seo ar cheist na n-amanna feithimh do-ghlactha do leanaí a bhfuil measúnú riachtanais ag teastáil uathu. Bhuail mé le go leor tuismitheoirí agus caomhnóirí a raibh orthu fanacht i bhfad ró-fhada leis na seirbhísí seo. Is rud é seo a bhfuilim thar a bheith paiseanta faoi agus bhí rún daingean agam an fhadhb seo a réiteach a luaithe is féidir. Tá súil agam go bhfeabhsóidh an pacáiste beart seo saol leanaí faoi mhíchumas in Éirinn. Tá sé seo ar cheann de roinnt gníomhartha atá á ndéanamh ag an rialtas mar chuid dár dtiomantas do chúram sláinte uilíoch. Caithfidh córas cúram sláinte na hÉireann a bheith ar chaighdeán domhanda do chách, idir óg agus sean."
“Tá súil agam go dtugann an fógra seo dóchas do theaghlaigh atá ag fanacht le measúnú dá leanbh” a dúirt an tAire Rabbitte. “Chomh luath agus a ghlanfaimid na riaráistí seo, táim ag súil go gcomhlíonfaidh FSS a ndualgais reachtúla maidir le gach atreorú nua”.
Cuirfear tús láithreach leis an obair chun an riaráiste a ghlanadh de réir pleananna atá leagtha amach ag réimsí aonair Eagraíocht Sláinte Pobail FSS.
Tacóidh an pacáiste €7.8m le cur chuige ilghnéitheach, lena n-áirítear:
Ailíníonn Seirbhísí Míchumais do Leanaí a Thabhairt ar Aghaidh go dearfach le haidhmeanna Sláintecare agus go háirithe maidir leis an uaillmhian cúram a athdhearadh agus cúram pobail a fheabhsú.
Trí dheireadh a chur leis an riaráiste, cinnteofar go mbeidh struchtúir seachadta seirbhíse nua a samhlaíodh faoi mhúnla cúraim na Foirne Líonra ina samhail láidir, éifeachtach agus inbhuanaithe seirbhíse do leanaí faoi mhíchumas sa todhchaí.
Tá raon gealltanas sa Chlár Rialtais chun seirbhísí do leanaí le riachtanais bhreise a fheabhsú agus na torthaí is fearr a chinntiú do gach leanbh trí thosaíocht a thabhairt do dhiagnóis luath, idirghabhálacha agus rochtain ar sheirbhísí.
Aithníonn an Rialtas go bhfuil gá le roinnt príomhthionscnamh beartais chun na tiomantais seo a chomhlíonadh. Tá dul chun cinn ar siúl chun:
CRÍOCH
Faoi láthair tá Seirbhísí Míchumais FSS i mbun athchumrú mór ar a n-acmhainní teiripe atá ann cheana do leanaí faoi mhíchumas i bhfoirne ildisciplíneacha atá bunaithe go geografach, mar chuid dá gClár Náisiúnta um Sheirbhísí Míchumais do Leanaí agus do Dhaoine Óga a Thabhairt ar Aghaidh (0-18 mbliana). Cinnteoidh an t-athdhearadh cúraim seo cothromas rochtana ar sheirbhísí míchumais agus comhsheasmhacht i seachadadh seirbhíse, le bealach soiléir do leanaí faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh chuig seirbhísí, is cuma cá gcónaíonn siad, cén scoil a dtéann siad chuici nó cineál deacrachtaí an linbh aonair.
Soláthraíonn Nós Imeachta Oibríochta Caighdeánach athbhreithnithe maidir le Measúnú Riachtanais cur chuige caighdeánaithe i leith measúnaithe thar gach réimse. Is í an aidhm ná a chinntiú gur féidir le leanaí faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh rochtain a fháil ar mheasúnú agus idirghabháil chuí chomh tapa agus is féidir.
Is athruithe struchtúracha tábhachtacha iad na hathchóirithe a leagtar amach a mbeidh tionchar dearfach acu ar sheirbhísí do gach leanbh faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd le huathachas.
Rinne Buiséad 2020 foráil do €2m i maoiniú breise do Phlean Uathachais do na seirbhísí sláinte.
Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach gá Measúnú Riachtanais a bheith ann chun rochtain a fháil ar sheirbhísí.
Is féidir freastal ar a lán riachtanas trí Chúram Príomhúil agus tabharfaidh foirne Líonra Míchumais aire dóibh siúd a bhfuil riachtanais chasta acu.
Cé gur próiseas reachtúil é an próiseas maidir le Measúnú Riachtanais, níl gá leis agus tá bealaí éagsúla eile ann chun rochtain a fháil ar sheirbhísí.
CRÍOCH