Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Hackett ‘Tionscadal na Coillearnaí’ chun dul i ngleic le saincheisteanna san fhoraoiseacht
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. agus an tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett, ‘Tionscadal na Coillearnaí’ inniu, tionscnamh a théann i ngleic le saincheisteanna san fhoraoiseacht in Éirinn agus a dhéanann crainn a chur a chur chun cinn. Ghlac an tAire le tuarascáil ar chóras Ceadúnaithe Foraoiseachta na hÉireann a athchóiriú, agus gheall siad dá chur i bhfeidhm láithreach.
Agus fáilte á cur aige roimh an bhfógairt, dúirt an tAire Charlie McConalogue,
“Tá gliondar croí orm cabhrú leis an straitéis nua dár n-earnáil foraoiseachta a sheoladh agus tacaím le Tionscadal na Coillearnaí. Tá an tionscnamh nua dírithe ar go leor de na saincheisteanna a réiteach a chuir isteach ar an earnáil foraoiseachta le tamall anuas. Ag oibriú as lámh mo chomhghleacaí sa Roinn Talmhaíochta, an tAire Stáit Pippa Hackett, táimid dírithe ar réitigh a sholáthar don earnáil. Mar an tAire atá freagrach as an earnáil foraoiseachta, déanfaidh an tAire Hackett cur i bhfeidhm Thionscadal na Coillearnaí a stiúradh agus táim muiníneach gur féidir leis an rath a bhaint amach.
“Tá dúshláin ann go fóill chun déileáil le saincheisteanna san earnáil ach tá dóchas agam gur féidir leis an tuarascáil atá á seoladh ag an Aire Hackett inniu go leor de na dúshláin seo a shárú. Baineann ríthábhacht le hearnáil bheoga foraoiseachta a bheith ann le straitéis fhoriomlán na hEarnála Agraibhia chomh maith lena chinntiú go bhfuil geilleagar cobhsaí cothrom againn. Is féidir linn todhchaí níos gléine a sholáthar don earnáil iontach seo ach caithfidh na páirtithe leasmhara go léir oibriú as lámh a chéile chun go mbaintear sin amach.”
Agus obair Jo O’Hara, iar-Phríomhfheidhmeannach Scottish Forestry, á haithint, a d’ullmhaigh an tuarascáil di ar Thuarascáil Mackinnon a chur i bhfeidhm ar Cheadúnais Foraoiseachta, dúirt an tAire Hackett,
“Dheimhnigh Jo O’Hara an méid a cheapaim féin – cé gur gá dul i ngleic, dar ndóigh, leis na saincheisteanna maidir le ceadúnú – foraoisiú, bóithre, agus leagan, caithfear ceisteanna níos suntasaí faoin bhforaoiseacht a bhreithniú freisin. Baineann tábhacht le táirgeadh adhmaid, ach baineann níos mó le crainn ná díreach adhmad. Baineann áilleacht, bithéagsúlacht, an comhshaol, gabháil carbóin, taitneamh an phobail agus fiontraíocht, agus leas sóisialta leo freisin, agus ní foláir dúinn an spás a aimsiú anois chun é sin a thabhairt le fios, agus chun luach a léiriú air. Sin an fáth go bhfuil gliondar croí orm inniu a fhógairt go ndéanfar Tionscadal na Coillearnaí a bhunú láithreach.”
Tá Tionscadal na Coillearnaí á bhunú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi cheannaireacht an Aire Hackett. Baineann ceithre shruth oibre éagsúla leis a oibrítear trí Bhainisteoir Tionscadal agus Bord Tionscadail. Déanfaidh an tArd-Rúnaí, Brendan Gleeson, cathaoirleacht ar Bhord an Tionscadail.
Oibreoidh na sruthanna oibre i gcomhthráth, agus díreoidh siad ar limistéir éagsúla. Díreoidh an chéad cheann ar an riaráiste, an dara ceann ar fhís don fhoraoiseacht, an tríú ceann ar struchtúr eagrúcháin atá oiriúnach don fheidhm a cheapadh, agus an ceathrú ceann ar an bpróiseas ceadúnaithe don todhchaí a bheachtú.
Tacóidh grúpa oibre ina bhfuil páirtithe leasmhara a bhainfear ó Ghrúpa Beartais Foraoiseachta an Aire atá ann faoi láthair, le gach sruth oibre agus déanfaidh duine seachtrach neamhspleách taithíoch cathaoirleacht air.
Agus í ag caint faoi na sruthanna oibre siúd, dúirt an tAire Hackett,
“Nuair a dhéileáiltear le cás dúshlánach, comhrac dóiteáin, go háirithe, d’fhéadfadh sé a bheith deacair an íomhá níos mó a fheiceáil…. a bheith dírithe ar adhmad agus dall ar na crainn, mar a déarfá. Sin an fáth go bhfuil súil agam leis go mbeidh an deighilt atá idir na sruthanna oibre chomh háisiúil sin. Tá súil agam leis freisin go ndéanfaidh an bhaint a bheidh ag baill mo Ghrúpa Beartais Foraoiseachta páirtithe leasmhara sna grúpaí oibre difear mór mar gheall go dteastaíonn ionchur ó gach duine. Beidh ormsa féin cinntí deiridh a dhéanamh i gcónaí, ach níl aon dul as ach go bhfuil orainn bealaí níos fearr a aimsiú chun éisteacht le dearcthaí iad siúd atá bainteach i gcoillearnach agus a ndéanann coillearnach difear dóibh agus na dearcthaí siúd a chur san áireamh. Agus caithfidh siad gealladh d’éisteacht le dearcthaí a chéile freisin.”
Ghabh an tAire buíochas freisin le baill nua Ghrúpa an Tionscadail agus le cathaoirligh na nGrúpaí Oibre agus dúirt sí,
“Tugann peirspictíocht sheachtrach lámh chúnta i gcónaí agus, mar sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an seisear a d’aontaigh cabhrú linn le Tionscadal na Coillearnaí. Tá taithí fhairsing acu agus is ó chineálacha éagsúla cúlraí iad, agus is eol dom go gcruthóidh an taithí atá acu tairbhe ollmhór dúinn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Jo O’Hara as aontú ar leanúint d’oibriú linn trína mballraíocht de Bhord an Tionscadail.”
Agus maíomh Jo O’Hara á aithint go bhfuil saincheisteanna ann a bhí lasmuigh de scóip a tuarascála, dúirt an tAire freisin,
“Tá súil agam go mbeidh na grúpaí oibre fadréimseach. Agus tá súil agam leis go mbeidh idirghníomhú idir na grúpaí oibre agus limistéir eile sa Roinn chun go ndéantar bearta an CBT, nó éiciscéimeanna d’fheirmeoirí a bheadh sásta crainn a chur i limistéir níos lú, mar shampla, ar aon dul le Tionscadal na Coillearnaí, seachas dul san iomaíocht leis, ar aon bhealach in aon chor.”
D’fhógair an tAire freisin tionscnamh ina bhfuil pobail bainteach, agus mhínigh sí gur iarr sí ar Nasc Tuaithe na hÉireann tabhairt faoi staidéar ar éifeacht foraoise ar phobail, agus dúirt sí,
“Táim ag iarraidh ar Nasc Tuaithe na hÉireann cur leis an obair a rinne Áine Ní Dhubháin in UCD cúpla bliain ó shin, chun idirchaidreamh a dhéanamh le pobail, agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a scagadh a chruthaíonn foraois dóibh, faoi mar atá faoi láthair, agus moltaí a dhéanamh don todhchaí, agus is féidir iad seo, ina dhiaidh sin, a thabhairt isteach i sruth oibre ‘an Chuir Chuige Náisiúnta Chomhroinnte’.”
Dúir sí mar fhocal scoir,
“Tá baint lárnach ag foraoiseacht in go leor de bheartais an Rialtais seo agus an AE, go deimhin, go háirithe iad siúd a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, bithéagsúlacht agus forbairt gheilleagrach tuaithe. Agus cé nach bhfuil aon réiteach gasta ann, déanfaidh mé mo mhíle dícheall é seo a dhéanamh i gceart. Beidh ar na páirtithe leasmhara go léir iarracht nach beag a dhéanamh chun seo a bhaint amach ach creidim go bhfuil an toil ann agus táim ag tnúth le hoibriú go dlúth le gach duine. Má chuirtear an crann ceart san áit cheart, bainfidh gach duine tairbhe. Tacófar le poist, bainfidh pobail taitneamh as caitheamh aimsire agus tairbhí eile, agus beidh an bhithéagsúlacht faoi rath. Ba mhaith liom go mbeadh an méid sin i gceist le leagáid Thionscadal na Coillearnaí.”
Nótaí don Eagarthóir:
Tá cur i bhfeidhm Thuarascáil MacKinnon ar fáil ag www.gov.ie/en/collection/e43d8-forestry-policy-group-chaired-by-mos-hackett/
Is é ‘Tionscadal na Coillearnaí’ freagairt an Aire Hackett agus na Roinne do Chur i bhfeidhm Thuarascáil MacKinnon.
Leagadh an dualgas ar Jo O’Hara i Samhain 2020 comhairle a chur ar an Aire Hackett faoi chur i bhfeidhm Thuarascáil MacKinnon, www.gov.ie/en/publication/15368-review-of-the-appeal-process-for-afforestation-in-ireland-mckinnon-2019/
Ba iad na Téarmaí Tagartha d’obair Jo O’Hara:
a. Comhairle a chur ar an Aire faoi Phlean um Chur i bhFeidhm bunaithe ar Thuarascáil Mackinnon, ina leagtar amach gníomhartha agus amlínte intomhaiste agus inghnóthaithe dá mbaint amach;
b. Idirchaidreamh a dhéanamh le gach páirtí leasmhar ábhartha nuair a bhíonn an Plean seo á fhorbairt;
c. A cuid moltaí a sheoladh ar aghaidh ar Phlean um Chur i bhFeidhm chuig an Aire agus an Grúpa Beartais Foraoise faoi dheireadh mhí Feabhra 2021.
Beathaisnéisí Bhaill Bhord an Tionscadail:
• Is é Brendan Gleeson an tArd-Rúnaí sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ón 2 Deireadh Fómhair 2018. D’fhóin sé roimhe seo i roinnt róil shinsearacha cheannaireachta sa Roinn, agus bhí sé freagrach as limistéir cosúil le Trádáil Idirnáisiúnta, Brexit, Comhbheartas Talmhaíochta a Fhorbairt agus Beartas Earnála a Fhorbairt sna hEarnálacha Feola agus Beostoic. Bhí freagracht air freisin as rialachas i roinnt Gníomhaireachtaí Stáit, d’fhóin sé mar Bhall d’Údarás Teagasc, agus bhí róil bheartais agus oibríochtúla aige sa Roinn Tionscail agus Tráchtála agus sa Choimisiún Eorpach.
• Innealtóir Cairte é Jerry Grant, a bhfuil saineolas ar leith aige ar an earnáil uisce agus chomhshaoil. D’fhóin sé mar Stiúrthóir Bainistíochta Uisce Éireann idir 2014 agus 2018, tar éis gur chabhraigh sé leis an bhfóntas a bhunú i ndiaidh go raibh gairm bheatha aige san earnáil phríobháideach. Fónann sé faoi láthair i roinnt róil neamhfheidhmiúcháin, Cathaoirleach Chuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath, Stiúrthóir Spórt Éireann agus Ball Seachtrach de Chomhlacht Rialaithe OT Bhaile Átha Cliath san áireamh.
• Aturnae cáilithe (2000) í Sarah O’ Shea agus tá Máistreacht Idirnáisiúnta bainte amach aici (2006) i nDlí agus Bainistíocht Spóirt. I ndiaidh di oibriú ar feadh 6 bliana i gcleachtas dlíthiúil ginearálta, d’aistrigh sí isteach sa spórt, agus d’oibrigh sí mar dhlíodóir intí ar feadh 10 mbliana agus d’aistrigh sí isteach sa tsainchomhairleoireacht ina dhiaidh sin in 2016. Tá a gnólacht féin comhairliúcháin á reáchtáil aici ó 2016 ar aghaidh a chuireann sainseirbhísí saincheaptha agus rialachais ar fáil do roinnt comhlachtaí rialaithe san earnáil sheachbhrabúsach spóirt agus chógaisíochta/chógais.
• Iar-Phríomhfheidhmeannach de Choimisiún Foraoiseachta na hAlban í Jo O’Hara agus tá sí ag oibriú faoi láthair mar shainchomhairleoir agus stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin. Ba Choimisinéir Foraoiseachta sa Bhreatain, Príomhfhoraoiseoir don Albain agus Príomhfheidhmeannach Foraoiseachta na hAlban í Jo O’Hara. Tá sí ag oibriú faoi láthair mar shainchomhairleoir príobháideach sa Ríocht Aontaithe. Gairmí cáilithe foraoiseachta agus talamhúsáide í, agus tá taithí 30 bliain aici i róil oibríochtúla agus bheartais. I rith an ama a chaith sí i mbun Choimisiún Foraoiseachta na hAlban agus Foraoiseacht na hAlban a stiúradh, rinne sí maoirseacht ar straitéis foraoiseachta nua a fhorbairt agus a thabhairt isteach, agus ar mhéadú suntasach ar choillearnach inbhuanaithe de gach saghas agus ar gach scála a chruthú.
CRÍOCH