Fógraíonn Airí oscailt mhargadh na Malaeisia d’onnmhairí muiceola na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Stáit, Martin Heydon TD inniu go bhfuil rochtain daingnithe ag Éirinn le haghaidh onnmhairiú muiceola go dtí an Mhalaeisia.
Dúirt an tAire McConalogue:
"Táim fíorshásta gur féidir tús a chur le trádáil láithreach leis an Malaeisia le haghaidh muiceola Éireannaigh den scoth. Is toradh é oscailt an mhargaidh ar obair mo Roinnse i gcomhar le hAmbasáid na hÉireann i Kuala Lumpur, Bord Bia agus páirtithe leasmhara eile sa tionscal. Tá sé mar thosaíocht ag mo Roinnse rochtain a dhaingniú ar mhargadh na Malaeisia le roinnt blianta anuas. Tá moladh mór tuillte ag an Ambasadóir Hilary Reilly go háirithe agus ag a foireann in Ambasáid Kuala Lumpur as an méid a rinne siad. Tá súil agam go gcabhróidh oscailt mhargadh ríthábhachtach agus straitéiseach mar seo le leibhéil iomaíochta níos airde a bhrú chun cinn sa mhargadh agus ba cheart, dá réir sin, go spreagfadh sé torthaí feabhsaithe d’fheirmeoirí."
“Tá clár oibre an mhisin thrádála do 2023 á phleanáil againn faoi láthair, agus tá súil agam go gcuimseoidh sé seo misean chuig an Malaeisia chun cur leis an éacht tábhachtach seo maidir le rochtain ar an margadh.”
Is tír il-eitneach í an Mhalaeisia le daonra de 33 milliún. Tá margadh mór tomhaltóirí ann do mhuiceoil agus is ionann allmhairí agus thart ar 6-7% den tomhaltas muiceola iomlán. Is ionann tomhaltas muiceola in aghaidh an duine agus 17kg in aghaidh na bliana.
Dúirt an tAire Stáit, Martin Heydon, a bhfuil freagracht speisialta air as forbairt an mhargaidh nua:
“Leagtar amach i bhFís don Bhia 2030 ár n-uaillmhian chun rochtain mhargaidh a fháil agus a choinneáil ar mhargaí tosaíochta idirnáisiúnta Mar chathaoirleach na Comhchéime Muc, tuigim go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach don earnáil muiceola. B’fhiú €365 milliún an trádáil chuig margaí idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip, nó beagnach 40% de luach iomlán onnmhairí muiceola na hÉireann i 2021.
“Tá a fhios agam gur tréimhse dhúshlánach í seo don earnáil, ach chomh maith leis na pacáistí tacaíochta a cuireadh ar fáil, leanfaimid orainn ag forbairt níos mó deiseanna trádála atá riachtanach chun tacú lena forbairt amach anseo.”