Fógraíonn an tAire Madigan dáta agus suíomh de Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir na bliana seo
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé hAoine) d’fhógair Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl an Domhnach 24 Bealtaine 2019 i Buncrana.
Is é seo an tríú huair a reáchtáiltear an Cuimhneachán Stáit i Uladh. Leis an searmanas tabharfar an deis do mhuintir Dhún na nGall onóir a thabhairt do chuimhne na ndaoine ar cailleadh nó ar éalaigh óna gcalafort chun saol nua a chruthú agus beidh bratach náisiúnta agus onóracha míleata ann roimh an mbuaicphointe de shearmanas sollúnta de chur na bláthfhleisce.
Tabharfar cuireadh do scoileanna ar fud na tíre nóiméad ciúnais a reáchtáil an Aoine 22 Bealtaine i gcuimhne orthu siúd ar cailleadh nó a d'fhulaing caillteanas le linn an ghorta agus tabharfar cuireadh d'eagraíochtaí spóirt nóiméad ciúnais a reáchtáil ag imeachtaí spóirt agus imeachtaí poiblí a bheidh ar siúl ar deireadh sechtaine an Chuimhneacháin.
Ag labhairt inniu dúirt an tAire Madigan:
“Tugadh an Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir agus deis dúinn ómós a thabhairt do chuimhne na ndaoine ar cailleadh nó a bhí ag fulaingt le linn an ama dhobrónaigh sin. "
Lean sí ar aghaidh
“The choice of Donegal as host for the 2020 National Famine Commemoration is particularly significant given the impact of poverty and emigration on the people of the County throughout the 19th century. With many people living in small, one-room houses and increasingly reliant on their potato crops, the Famine swept through Donegal causing disease, death, family fragmentation and emigration. The Commemoration will reflect on this momentous event in Irish history and remember all those who suffered as a result of An Gorta Mór.”
Chuir an tAire Madigan a buíochas in iúl freisin maidir le hobair chomhaltaí Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir as a dtiomantas chun a chinntiú go ndéantar cuimhne chuí ar imeachtaí tubaisteacha an Ghorta Mhóir agus go ndéantar rannchuidiú iontach na ndaoine a chuaigh ar imirce agus a sliocht iomadúil thar lear, a cheiliúradh i gceart.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Nicholas Crossan, 'Is onóir do Dhún na nGall an phribhléid a bheith againn searmanas Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir a óstáil. Beimid i ndlúth-theagmháil le roinn an Aire agus beimid rannpháirteach lenár bpobal áitiúil chun a chinntiú go dtugtar léargas oiriúnach den tréimhse thragóideach seo inár stair sa searmanas. '