Fógraíonn an Roinn deireadh a chur leis an gcosc ar éin bheo a bhailiú le díol nó le taispeáint ar Dé Luain an 16 Bealtaine
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go gcuirfear deireadh leis an riachtanas dlíthiúil maidir le bearta ar leith na bithshlándála agus leis an gcosc ar bhailiúcháin le haghaidh díola/taispeáint a tugadh isteach d'fhonn an Fhliú Éanúil (fliú éan) a chosc ón 16 Bealtaine 2022.
Baineann na bearta atá á gcealú anois leis an toirmeasc ar éin bheo a bhailiú le chéile chun críocha taispeána nó díola (IR Uimh 592 na bliana 2021) agus le riachtanais forghníomhaithe ar leith na bithshlándála a tugadh isteach ar an 17 Samhain (IR Uimh 593 na bliana 2021).
Tá an cinneadh maidir leis na bearta seo a chealú bunaithe ar tháscairí a léiríonn riosca laghdaithe an fhliú éanúla - lena n-áirítear an cás nár deimhníodh aon chás den fhliú éan anseo in éin fhiáine ar feadh tréimhse os cionn 6 sheachtain, an laghdú ar líon na n-éan uisce imirceacha, an méadú ar theocht na timpeallachta agus an méadú ar uaireanta solais an lae.
Molann an Roinn, áfach, go bhfanfaidh úinéirí na dtréada faireach agus go leanfaidh siad ar aghaidh ag úsáid caighdeáin is airde na bithshlándála toisc an seans a bheith ann fós go bhfuil an víreas sa chomhshaol nó go scaipfear é chuig a dtréad ag éin fhiáine.
Cuireann an Roinn i gcuimhne freisin do gach úinéir éanlaithe clóis, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil ach 1 nó 2 éan acu, an dualgas dlíthiúil atá orthu a áitreabh a chlárú leis an Roinn. Tá na treoir maidir le conas d’éanlaith chlóis a chlárú ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/service/984df6-poultry-register/
Ta tuilleadh eolais faoin bhFliú Éanúil le fáil ag: http://www.gov.ie/birdflu
Tá liosta oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a gcuid sonraí teagmhála ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/9dc27-contact-us/
Beolíne an Fhliú Éanúil: Fón: 01 607 2512 or 01 492 8026 (lasmuigh d’uaireanta oifige)
Aip na n-Ean Fiáin: https://aviancheck.apps.rhos.agriculture.gov.ie/