Fógraíonn an Roinn plean chun an riachtanas a bhaint éanlaithe clóis agus éin ghafa eile a choimeád an 29 Aibreán
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go mbainfear an ceanglas dlíthiúil chun éanlaithe clóis agus éin eile a choimeád/a choinneáil mar bheart réamhchúramach in aghaidh Fliú na n-Éan (fliú éanúil) ón 29 Aibreán 2022.
Tugadh an reachtaíocht isteach a cheanglaíonn éin a choimeád mar bheart réamhchúramach an 22 Samhain 2021 chun an baol maidir le fliú na n-éan a mhaolú i measc éanlaithe clóis. Bunaítear an cinneadh chun an riachtanas seo a aistarraingt ar roinnt paraiméadar a thugann le fios go bhfuil baol laghdaithe ann i dtaobh ionradh fhliú na n-éan - nuair a chuirtear san áireamh nár deimhníodh cás ar bith d’fhliú éanúil anseo i measc éin fhiáine le tréimhse 4 seachtaine anuas, go bhfuil laghdú ag teacht ar na líonta éin uisce imirceacha agus go bhfuil ardú ag teacht ar theocht na timpeallachta agus ar uaireanta sholas an lae.
Mar gheall gur baineadh an riachtanas éin a choimeád, is féidir le gach úinéir éanlaithe clóis agus éan a cheadú dá n-éin teacht a bheith acu ar limistéir agus ar chlóis oscailte ón 29 Aibreán. Spreagann an Roinn, áfach, úinéirí ealtaí bheith airdeallach i gcónaí mar gheall go bhféadfadh an aicíd bheith ann sa chomhshaol nó d’fhéadfadh éin fhiáine í a thabhairt isteach chuig a n-ealtaí, d’ainneoin an riosca laghdaithe.
Tugann an Roinn le fios gur tugadh riachtanais bhreise bhithshlandála isteach an 17 Samhain (I.R. Uimh. 593 de 2021) i bhfeidhm go fóill – an riachtanas lena chinntiú nach féidir le héanlaithe clóis nó éin ghafa eile teagmháil a dhéanamh le héin fhiáine, gur gá claí a bheith timpeall ar gach limistéar a mbíonn teacht ag éanlaithe clóis agus éin ghafa orthu agus go gcaithfidh na limistéir a bheith srianta ó theacht a bheith iontu ar uisce bodhar oscailte nó buan agus go bhfuil na srianta ar éin bheo a thabhairt le chéile ar mhaithe lena dtaispeáint nó lena ndíol (I.R. Uimh. 592 de 2021) – i bhfeidhm go fóill.
Ba cheart d’úinéirí éan leanúint de bheith airdeallach i gcónaí, monatóireacht a dhéanamh ar a n-éin i dtaobh aon chomharthaí galair agus de bhearta diana rialaithe galair a chur i bhfeidhm. Go háirithe, ba cheart leanúint le héin a bheathú taobh istigh nó faoi dhíon nuair nach féidir teacht a bheith ag éin fhiáine. Is féidir eolas breise a fháil ar riachtanais bhreise bhithshlandála ag:
Meabhraíonn an Roinn freisin an oibleagáid dhlíthiúil atá ar gach úinéir éanlaithe clóis, iad siúd ina measc nach gcoimeádann ach éan nó dhó, chun a n-áitreabh a chlárú leis an Roinn. Is féidir teacht ar threoir faoi conas d’éanlaithe clóis a chlárú ag https://www.gov.ie/en/publication/7e230-poultry/#poultry-register
Is féidir eolas breise a fháil ar fhliú na n-éan ag:
Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a sonraí teagmhála ar fáil ag:
Aip d’éin fhiáine: https://aviancheck.apps.rhos.agriculture.gov.ie/
Thug an Príomhoifigeach Tréidliachta le fios go gcaithfidh gach coimeádaí éanlaithe clóis, fiú mura bhfuil ach 1-2 éan acu, leanúint de bhearta breise bithshlandála a chur i bhfeidhm ag gach tráth chun ráigeanna amach anseo a chosc agus a mhaolú.
Is féidir leat cabhrú le cosc a chur ar fhliú na n-éan trí leanúint le bithshlandáil mhaith a chinntiú i d’áitreabh, an méid seo a leanas ina measc: