Fógraíonn an Roinn sraith seisiún faisnéise poiblí d’fheirmeoirí ar Dhréachtphlean Straitéiseach CAP na hÉireann 2023-2027
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Reáchtálfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sraith seisiún faisnéise poiblí maidir le Dréachtphlean Straitéiseach CAP (CSP) na hÉireann don tréimhse 2023-2027. Beidh na seisiúin faisnéise ar siúl ag 11 ionad ar fud na tíre thar mhí an Mhárta agus tá seimineár amháin ar an 15 Márta beartaithe freisin dóibh siúd ar mian leo freastal ar líne. Déanfar an seimineár gréasáin a thaifeadadh agus a chur ar fáil ar líne ionas go mbeidh sé éasca dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal air.
Cuirfidh foireann na Roinne faisnéis thábhachtach ar fáil d’fheirmeoirí faoi na hathruithe a tharlóidh nuair a chuirfear tús leis an CAP nua in 2023. Clúdóidh na seisiúin faisnéise go háirithe íocaíochtaí díreacha lena n-áirítear teidlíochtaí, seiceálacha feirmeoir gníomhach, gníomhaíocht talmhaíochta agus athruithe incháilitheachta talún, rátaí stocála, Éicea-Scéimeanna, sonraí faoin mBeart nua Agra-Chomhshaoil Aeráide (AECM), feirmeoireacht orgánach agus faisnéis thábhachtach eile nach mór d’fheirmeoirí a bheith ar an eolas fúithi anois le gur féidir leo an t-ullmhúchán is fearr a dhéanamh do 2023.
Beidh an chéad seisiún faisnéise ar siúl in Óstán an Mullingar Park, Contae na hIarmhí Déardaoin an 3 Márta. Beidh na cruinnithe ar fad ar siúl ó 8pm go 9.30pm gach tráthnóna.
Nóta d'Eagarthóirí
Cuireadh Dréacht-CSP na hÉireann faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 31 Nollaig 2021. Táthar ag súil le faomhadh an Phlean i Meán Fómhair 2022. Foilseofar amchlár iomlán agus suíomh na seisiún faisnéise lena n-áirítear sonraí faoi chlárú don seimineár gréasáin ar www.gov.ie/cap
Beidh na seisiúin faisnéise á n-óstáil ag an Roinn chun faisnéis luath a sholáthar d’fheirmeoirí faoi athruithe ar an CAP ón 1 Eanáir 2023. Beidh na seisiúin ar siúl i bpearsa le cur i láthair ón bhfoireann agus deis ceisteanna a chur. Beidh aon fhaisnéis a sholáthrófar bunaithe ar an dréachtphlean a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh agus faoi réir athraithe go dtí go mbeidh an CSP formheasta ag Coimisiún an AE.
CRÍOCH
Liosta Suímh
Dáta | Áit |
Déardaoin, an 3 Márta | Óstán Mullingar Park, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí |
Dé Máirt an 8 Márta | Óstán Charleville Park, An Ráth, Co. Chorcaí |
Dé Céadaoin an 9 Márta | Ionad Comhdhála Chill Áirne, Cill Áirne, Co. Chiarraí |
Déardaoin an 10 Márta | Óstán Celtic Ross, Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí |
Dé Luain an 14 Márta | Óstán Clonmel Park, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann |
Dé Máirt an 15 Márta | Seimineár gréasáin ar líne - clárú ag www.gov.ie/cap |
Dé Máirt an 22 Márta | Óstán TF Royal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo |
Dé Céadaoin an 23 Márta | Óstán Landmark, Cora Droma Rúisc, Contae Liatroma |
Déardaoin an 24 Márta | Shearwater Hotel and Spa Hotel, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe |
Dé Luain an 28 Márta | Óstán Seven Oaks, Ceatharlach, Contae Cheatharlach |
Dé Máirt an 29 Márta | Óstán Nuremore, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin |
Dé Céadaoin, an 30 Márta | Óstán Clanree, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall |