Fógraíonn an tAire go bhfuil €1.7m íoctha le feirmeoirí faoin Scéim Fóirdheontais Clibe EID
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. go bhfuil os cionn €1.7 milliún íoctha amach le thart ar 58,000 feirmeoir faoi bhliain 1 den scéim fóirdheontais clib bólachta EID .
Tugadh an scéim isteach chun cuidiú le feirmeoirí aistriú go dtí an córas aitheantais leictreonaigh éigeantach a éilíonn go gcaithfear gach lao a rugann tar éis an 1 Iúil 2022 a aithint le tacar clibeanna a chuimsíonn clib EID. Faoin scéim, a bheidh ar siúl ó 2022-2024, gheobhaidh feirmeoirí €1 i dtreo chostas gach sraith clibe EID nua, suas go huasmhéid de €100.
Ag fógairt na híocaíochta, leag an tAire béim ar na buntáistí a bhaineann le EID á rá:
"Cuirfidh sé feabhas suntasach ar an gcóras aitheantais bólachta d’fheirmeoirí, do mhargaí beostoic, do sheamlais, d’ionaid tionóil onnmhairithe agus do thréidlianna.
Tá an tionscnamh seo ag teacht le agus ag tacú le cuspóir Fhís don Bhia 2030 go mbeidh Éire chun tosaigh ar fud an domhain maidir le Córais Bhia Inbhuanaithe, ag cur le muinín na dtomhaltóirí inár gcórais bhia.
Ina theannta sin, beidh timpeallacht oibre níos sábháilte mar thoradh air do na geallsealbhóirí go léir agus iad ag brath níos lú ar sheiceáil láimhe ar uimhreacha clibeanna bólachta agus sábhálfaidh coimeádaithe tréada agus margaí beostoic am i gcás ainmhithe míléite nó pasanna mímheaitseáilte".
Mairfidh an scéim fóirdheontais clibe EID ar feadh 3 bliana.
Ríomhadh íocaíochtaí faoin scéim fóirdheontais clibe EID 2022 ar líon na dtacar nua clibeanna EID a ceannaíodh ar ráta €1 in aghaidh an tacair nua clibe EID. Tá uasíocaíocht de €100 in aghaidh an fheirmeora thar shaolré na scéime agus ní bheidh aon phróiseas iarratais ag teastáil. Tá an scéim ualaithe go comhréireach i bhfábhar táirgí níos lú. Ní féidir le feirmeoirí ach líon na dtacar clibeanna nua atá ag teastáil a ordú go bliantúil i gcomhréir leis an líon ainmhí baininn pórúcháin sa tréad.
Samplaí Íocaíochta Incháilithe: