Fógraíonn an tAire Hackett go bhfuil An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí á oscailt d’iontrálaithe nua tar éis na mórshuime a léiríodh ag siúlóidí feirme ar fud na tíre
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pippa Hackett inniu go bhfuil an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí oscailte d’iarrthóirí nua ó inniu, Déardaoin, 20ú Deireadh Fómhair. Cuimsíonn an scéim na rátaí níos airde a fógraíodh níos luaithe i mbliana, agus tá an fhuinneog iarratais oscailte go dtí an 9ú Nollaig.
Ag fógairt oscailt na Scéime, dúirt an tAire Hackett:
“Inniu, tá fíoráthas orm an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí nua a oscailt go foirmeálta d’iarrthóirí nua. Tá fís láidir ag an Rialtas seo don fheirmeoireacht orgánach, agus is é oscailt na scéime seo an fhorbairt is déanaí i ndá bhliain d’athruithe ó bhonn ó tháinig an Rialtas seo i seilbh oifige. Táimid ag súil leis go mbeidh an tsuim ollmhór a léiríodh i measc fheirmeoirí le sonrú sna hiarratais ar an scéim.
”An mhí seo caite d’fhógair mé rátaí íocaíochta feabhsaithe go mór. Níl an leibhéal suime i bhfeirmeoireacht orgánach in Éirinn feicthe riamh. Chonacthas líon feirmeoirí nach bhfacthas riamh cheana ag siúlóidí feirme. Tá móiminteam na hearnála Orgánaí mar bhonn taca láidir anois ag beartas an Rialtais agus tá sé ag fáil tacaíochta ó ghníomhaireachtáí stáit lena n-áirítear Teagasc agus Bord Bia, chomh maith le seirbhísí comhairleacha príobháideacha san ACA agus na Comhlachtaí Deimhnithe Orgánacha. Is deis iontach í seo do go leor feirmeoirí chun inbhuanaitheacht a uasmhéadú agus féachaint chuige go seasfaidh a ngnó an aimsir trína gcostais ionchuir a laghdú.”
“Táimid meáite ar an sprioc atá sa Chlár don Rialtas go saothrófaí 7.5% den talamh go horgánach a bhaint amach, agus cuid lárnach de seo is ea an tacaíocht buiséid fheabhsaithe d’orgánaigh ar fiú €256 milliún inár bPlean Straitéiseach CAP.”
Is beart agrachomhshaoil í an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí faoi Chlár Forbartha Tuaithe na Roinne. D’fhéadfadh feirmeoirí stoic thirim a dhéanann conradh cáiliú d’íocaíochtaí bliantúla suas le €300 in aghaidh an heicteáir le linn na tréimhse athraithe agus suas le €250 in aghaidh an heicteáir nuair a bheidh stádas orgánach iomlán bainte amach acu. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil d’fheirmeoirí orgánacha gairneoireachta agus curaíochta. Ina theannta sin, tugadh isteach íocaíocht bhliantúil rannpháirtíochta de €2,000 sa chéad bhliain den athrú agus €1,400 in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin chun tacú le feirmeoirí orgánacha.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Hackett,
“Níos luaithe i mbliana this thionóil mé an Fóram um Straitéis Orgánach agus tá mé féin agus mo roinn tar éis éisteacht agus dul i dteagmháil leis an bpobal feirmeoireachta agus le páirtithe leasmhara ar fud na hearnála. Is cúis áthais ar leith é an tacaíocht ó na heagraíochtaí feirmeoireachta don fheirmeoireacht orgánach a fheiceáil. D’fhreagair mé trí phacáiste bearta feabhsaithe a dhaingniú a sholáthróidh tacaíocht bhunúsach dóibh siúd a théann isteach sa scéim. Is é an ceann is déanaí díobh seo an ráta méadaithe molta i TAMS go 60% d’fheirmeoirí orgánacha ón 1ú Eanáir 2023. Tá go dtí Fómhair 2023 anois ag feirmeoirí a théann isteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí chun ceanglais tithíochta beostoic orgánacha a chomhlíonadh, agus mar sin tá deis acu leas a bhaint as an ráta tacaíochta níos airde seo. Beidh rochtain tosaíochta ag feirmeoirí orgánacha freisin ar ár scéim nua agrachomhshaoil, ACRES. Mholfainn do na feirmeoirí go léir a bhfuil suim acu ann dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí chun na tacaíochtaí atá ar fáil a scrúdú agus iarratas a dhéanamh ar an scéim seo sna seachtainí atá romhainn.”.
Chun an leibhéal méadaithe tacaíochtaí a léiriú forbraíodh áireamhán íocaíochtaí d’fheirmeoirí agus tá sé ar fáil ag https://cap-calculators.apps.rhos.agriculture.gov.ie/
Léiríonn an t-aireamhán seo an luach do gach feirmeoir maidir le hathrú go horgánach.
Beidh an Scéim oscailte d’iarratais ó gach earnáil ó inniu (20ú Deireadh Fómhair 2022). Fanfaidh sé ar oscailt go dtí an 9ú Nollaig 2022.
Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí agus doiciméad Ceisteanna agus Freagraí ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne chun cuidiú le hiarrthóirí ionchasacha ag Organic Farming Scheme.
Tá sraith Bileoga Eolais Orgánacha nua forbartha ag Teagasc chun eolas a thabhairt d’fheirmeoirí atá ag smaoineamh ar roghanna fiontair orgánaí. Ina theannta sin, forbraíodh treoirleabhar nua “Feirmeoireacht Orgánach – Treoir Chéim ar Chéim maidir le hAthrú ” agus tá sé ar fáil ar láithreán gréasáin Teagasc the Teagasc website.
Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí ar fáil ar leathanach orgánach na Roinne ag Organic Farming Scheme.
Tá sprioc leagtha síos ag Clár Rialtais na hÉireann chun an limistéar talún orgánaí a mhéadú níos mó ná faoi thrí faoi 2027 go thart ar 330,000 heicteár. Ionchorpraíodh an sprioc seo i bPlean Straitéiseach CAP na hÉireann, i bhFís don Bhia 2030 agus sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide.
I gcás feirmeoir stoic thirim 40 heicteár beidh an íocaíocht iomlán thar 5 bliana na scéime feirmeoireachta orgánaí 54% níos airde ná faoin scéim CAP roimhe sin.
Tá sé mar aidhm an sprioc seo a bhaint amach trí thacú le feirmeoirí athrú go feirmeoireacht orgánach tríd an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (SFO), tacaíocht chomhairleach fheabhsaithe agus cur chun cinn méadaithe chomh maith le héileamh an mhargaidh a fhorbairt.
Is é príomhchuspóir na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí ná buntáistí maidir leis an gcomhshaol agus leas ainmhithe a chur ar fáil chomh maith le táirgeoirí a spreagadh le freagra a thabhairt ar éileamh an mhargaidh i ndáil le bia a tháirgtear go horgánach.
Tá buiséad iomlán de €256 milliún leithdháilte ar an SFO thar shaolré an CAP nua.