Fógraíonn an tAire Hackett go bhfuil tús le híocaíochtaí comhardaithe na Scéime Feirmeoireachta Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil tús le híocaíochtaí comhardaithe 2021 don Scéim Feirmeoireachta Orgánach (OFS).
Dúirt an tAire,
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil tús le híocaíochtaí comhardaithe 2021 le feirmeoirí orgánacha. Tá íocaíochtaí de bhreis is €784,000 faighte ag breis is 1,000 feirmeoir. Leanfar ag eisiúint íocaíochtaí sna seachtainí atá romhainn.”
Dúirt an tAire freisin,
“Is í an Scéim Feirmeoireachta Orgánach an príomhbheart tacaíochta atá againn chun cabhrú le feirmeoirí iad a thiontú go feirmeoireacht orgánach agus muid ag iarraidh freagairt don éileamh méadaitheach ó thomhaltóirí ar bhia a tháirgtear go horgánach. Tá 17000 heicteár breise feicthe againn ag aistriú go horgánach i mbliana.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire,
“Tá níos mó ná 100,000 feirmeoir in Éirinn le rátaí stocála níos lú ná 170 kg N/ha ag feirmeoireacht 4 mn ha. Mholfainn go láidir do na feirmeoirí seo smaoineamh ar dhul isteach sa scéim feirmeoireachta orgánaí an fómhar seo. Tá éileamh na dtomhaltóirí ag dul i méid, tá rátaí íocaíochta méadaithe agus gheobhaidh feirmeoirí orgánacha rochtain tosaíochta ar an scéim nua comhshaoil talmhaíochta, agus mar sin ní raibh am níos fearr ann riamh chun an t-aistriú a dhéanamh. Mholfainn d’fheirmeoir ar bith atá ag smaoineamh ar aistriú go horgánach freastal ar shiúlóid orgánach feirme an samhradh seo Siúlóidí Feirme - Teagasc | an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia agus labhair lena chomhairleoir faoi cad a bheidh i gceist le hathrú go horgánach.”
Is éard atá sa bhabhta íocaíochtaí seo ná an íocaíocht chomhardaithe arb ionann é agus 15% den íocaíocht bhliantúil iomlán atá dlite faoin OFS; an réamhíocaíocht 85% a eisíodh i mí na Samhna 2021 do rannpháirtithe an OFS i gcomhréir le rialacha an AE.
Faoi láthair, tá 1,734 feirmeoir orgánach rannpháirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánach agus is ionann íocaíochtaí bliantúla faoin Scéim agus thart ar €11 milliún. Chuir 380 feirmeoir eile isteach ar a bheith rannpháirteach an t-Earrach seo chugainn
Thart. 94,000 heicteár á dtáirgeadh orgánach faoi láthair. Tá 17000 heicteár breise á thiontú i mbliana
Ghlac 97% d’fheirmeoirí OFS a raibh a gconarthaí le dul in éag in 2021 leis an tairiscint chun síneadh a chur lena gconradh i mí na Nollag 2021.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Orgánach sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar 0761 064415 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig organic@agriculture.gov.ie