Fógraíonn an tAire Hackett infheistíocht dar luach €10 milliún san Earnáil Ghairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil an Scéim Cúnaimh Infheistíochta 2023 chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt ar oscailt.
Agus í ag tabhairt sonraí maidir leis an Scéim iomaíoch, atá ar oscailt do shaothróirí i ngach earnáil ghairneoireachta, agus a chuirfidh cúnamh deontais caipitil ar fáil ar ráta suas go 40% ar na hinfheistíochtaí ar fad atá ceadaithe, dúirt an tAire:
‘’Táim lánsásta a bheith in ann oscailt Scéim 2023 a fhógairt a bhfuil buiséad €10 milliún aici, méadú maoinithe 11% i gcomparáid le 2022. Léiríonn sé seo tiomantas an Rialtais don earnáil agus í ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin atá i ndán di”.
Clúdaíonn an scéim gach cineál gairneoireachta, lena n-áirítear glasraí, muisiriúin, barra bia cosanta, barra taitneamhachta, torthaí boga, agus úlla, go dtí an bheachaireacht. Is í aidhm na scéime ná cleachtais nach bhfuil díobhálach don chomhshaol a éascú, éagsúlú gníomhaíochtaí ar an bhfeirm a chur chun cinn, agus caighdeán táirgí agus coinníollacha oibre a fheabhsú. Ní hamháin go gcabhraíonn an scéim seo le táirgeoirí reatha, cabhraíonn sí le hiarrthóirí atá ag tosú amach sa ghairneoireacht freisin, agus beidh feirmeoirí óga cáilithe in ann cúnamh deontais suas go 50% a fháil.
Cuireadh sonraí na scéime in iúl don Choimisiún Eorpach de réir na dTreoirlínte maidir le Státchabhair agus ní cheadófar formheas ceada le haghaidh cúnaimh d'infheistíochtaí faoin Scéim ach amháin tar éis ceadú an Choimisiúin Eorpaigh a fháil de réir Chinneadh an Choimisiúin ar an mbeart.
Dúirt an tAire Hackett
“Bhí an bhliain seo an-dúshlánach don earnáil ghairneoireachta. Tá an Scéim seo ríthábhachtach chun iomaíochas na saothróirí a fheabhsú trí thacaíocht a thabhairt d'athinfheistíocht sa ghnó agus trí theicneolaíochtaí nuálacha a ghlacadh chun an earnáil a chur ar bhealach geilleagrach, atá feasach ó thaobh na timpeallachta agus atá inbhuanaithe ar bhonn sóisialta. Tá an Scéim á seoladh inniu chun cur isteach na n-iarratas ag saothróirí a éascú agus molaim do na hiarrthóirí ar fad baint a bheith acu leis an Scéim agus cloí leis an spriocdháta, an 30 Meitheamh.”