Fógraíonn an tAire Hackett íocaíocht Deontas na Tuairisce Timpeallachta maidir leis an bhForaoiseacht
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil tús déanta le híocaíocht Deontais na Tuairisce Timpeallachta d’iarratasóirí ceadúnaithe agus dá gcuid Foraoiseoirí cláraithe. Tá tús curtha le híocaíochtaí do gach iarratas a phróiseáladh don bhliain 2022.
Dúirt an tAire Hackett:
“Tá áthas orm na chéad íocaíochtaí de Dheontas na Tuairisce Timpeallachta a fhógairt mar thacaíocht le cuid de na costais a mbaineann le foraois a bhunú, ag aithint an chostais a bhaineann le hiarratas a dhéanamh. Is toradh díreach é seo ar an bplé leis na geallsealbhóirí faoi Project Woodland (Tionscadal an Choillearnaigh) faoi na costais bhreise a mbaineann le hiarratas ar gcoillteoireacht a ullmhú agus a chur isteach. Tháinig an moladh seo ón tuarascáil de chuid MacKinnon atá á cur i bhfeidhm trí Project Woodland.”
Íocfar an deontas timpeallachta má chuirtear tuairisc ó éiceolaí nó seandálaí isteach mar chuid den iarratas. Íocfar é ag céim Fhoirm 2, sé sin, nuair a dhéantar an íocaíocht i leith na gcrann a chur. Tá méid an deontais ualaithe i dtreo an chéad chúpla heicteár, le €450/heicteár don chéad heicteár, €400 don dara heicteár, €350 don tríú heicteár agus €50/heicteár ó 4 heicteár suas go dtí uasteorainn 20 heicteár. Níl gá le haon iarratas breise a dhéanamh toisc go bhfuil an próiseas uathoibrithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Dar leis an Aire:
“Cuirím fáilte freisin roimh an oiliúint a chuir mo Roinn ar fáil don earnáil le déanaí chun cur isteach léarscáileanna na gnáthóige a éascú. Tá sé seo dírithe ar na costais bhreise ar na iarratasóirí a bhaint agus iarratas ar cheadúnas á dhéanamh acu agus is iarracht eile é d'fhonn na gcostas iomlán a laghdú dóibh siúd atá iarratais a chur isteach acu maidir leis an gcoillteoireacht. Séard atá i gceist lena leithéid ná méadú ar líon na n-iarratas ar an gcoillteoireacht a éascú agus, mar thoradh ar sin, líon na gcrann sa talamh a mhéadú.”