Fógraíonn an tAire Hackett oscailt an chéad tráinse eile den Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett inniu go bhfuil an chéad tráinse eile den Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánach ar oscailt faoi láthair agus go ndúnfar é an 31 Iúil 2022.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánach an earnáil orgánach a fhorbairt a chinntíonn soláthar comhsheasmhach táirgí orgánacha ar ardchaighdeán don mhargadh. Cuireann an scéim maoiniú ar fáil do phróiseálaithe ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i saoráidí a fhorbairt chun táirgí orgánacha a phróiseáil, a ullmhú, a ghrádú, a phacáil agus a stóráil, rud a thugann deis dóibh ioncam a fheabhsú tuilleadh.
Ag fógairt oscailt an tráinse seo, dúirt an tAire Hackett,
"Tá 380 iarratasóir nua feicthe againn ar an scéim Feirmeoireachta Orgánaí in 2022, ar méadú beagnach 20% é ar líon na n-iarratas ar an Scéim i gcomparáid le 2021. San iomlán ciallaíonn sé seo go bhfuil beagán faoi bhun 700 feirmeoir nua ag dul isteach sa scéim le 12 mhí anuas. De réir mar a leanann an t-éileamh ar tháirgí orgánacha ag méadú gach bliain, táim diongbháilte i mo thiomantas d'fhorbairt thionscal orgánach na hÉireann trí na tacaíochtaí riachtanacha a sholáthar do tháirgeoirí agus do phróiseálaithe chun freastal ar éilimh an mhargaidh."
Dúirt sí freisin,
"Tar éis rath leanúnach na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí maidir le toradh foriomlán táirgí orgánacha ardchaighdeáin a mhéadú, cuireann an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánach cúnamh airgeadais riachtanach ar fáil chun na táirgí seo a phróiseáil, rud a mhéadaíonn soláthar táirgí orgánacha Éireannacha ar ardchaighdeán do mhargaí baile agus idirnáisiúnta araon." Tá maoiniú de €1.2 milliún leithdháilte ar an scéim. Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chúnamh deontais d'infheistíochtaí lasmuigh den fheirm suas le €700,000 ar chaiteachas incháilithe.
Tá an Scéim fós ag oscailt i dtráinsí; an tráinse seo a bheith oscailte don 31 Iúil 2022. Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Deontais, mar aon le foirmeacha iarratais, ar fáil ón Aonad Feirmeoireachta Orgánaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, Caisleán Bhaile Sheonach Loch Garman agus ar shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.gov.ie/en/service/51e8d-organic-processing-investment-grant-scheme/
Is Scéim í an scéim tacaíochta orgánaí seo atá maoinithe go hiomlán go náisiúnta chun cabhrú le forbairt na hearnála próiseála orgánaí. Feidhmeoidh sé i dtráinsí; beidh an dara tráinse seo fós oscailte don 31/07/2022. Iarratais le fáil tríd an bpost nó ar ríomhphost faoin 31 Iúil 2022.
The terms and condition for the Scheme together with application forms are available on the department’s website. https://www.gov.ie/en/service/51e8d-organic-processing-investment-grant-scheme/
Tá téarmaí agus coinníoll na Scéime mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. gov.ie - Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánach (www.gov.ie) Is féidir Ráiteas Straitéise (2021 - 2024) agus Plean Gníomhaíochta 2021 na Roinne a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an seoladh seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/