Fógraíonn an tAire Hackett seimineár gréasáin atá le teacht maidir le Tacaíochtaí do Ghnólachtaí/Táirgeoirí Bia Áitiúla, Beaga agus Mionbhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, i gcomhar le Bord Bia, ina comhóstach ar sheimineár gréasáin maidir le Tacaíochtaí do Ghnólachtaí/Táirgeoirí Bia Áitiúla, Beaga agus Mionbhia Dé Céadaoin seo chugainn, an 12 Deireadh Fómhair 2022.
Áireofar sa seimineár gréasáin cur i láthair ar thuarascáil arna coimisiúnú ag Bord Bia inar scrúdaíodh conas a d'éirigh le tíortha eile bealaí chuig an margadh a fhorbairt do tháirgeoirí teaghlaigh feirme, chomh maith le socruithe in Éirinn.
Dúirt an tAire Stáit an Seanadóir Pippa Hackett
“Tá sé ina phríomhthosaíocht dom a chinntiú go mbíonn fáil agus inrochtaineacht ar fhaisnéis d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia áitiúla maidir le tacaíochtaí chun cabhrú lena gcuid táirgí a dhíol ar mhargaí áitiúla agus ar mhargaí baile níos leithne. Táim ag tnúth le torthaí thaighde Bhord Bia sa réimse seo a chloisteáil, a thabharfaidh léargas luachmhar ar na cineálacha tacaíochtaí Stáit atá ar fáil do ghnólachtaí agus do tháirgeoirí bia beaga. Mholfainn go láidir do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige in earnáil an tsoláthair áitiúil agus bhaile páirt a ghlacadh sa seimineár gréasáin Dé Céadaoin”.
Dúirt an tUasal Michael Murphy, POF eatramhach Bhord Bia:
“Bhí áthas orainn a bheith in ann tacú leis an Roinn agus an tuarascáil seo á forbairt againn. Tá súil againn go gcabhróidh na moltaí atá leagtha amach linn an tsamhail feirme teaghlaigh, bun agus barr ár bpobal go léir in Éirinn, a chosaint.”
Beidh an t-imeacht seo ina ábhar spéise do