Fógraíonn an tAire Hackett tús le hÍocaíochtaí na Scéime Orgánaí 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
€4 milliún á eisiúint chuig 1,000 feirmeoir inniu
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go gcuirfear tús le réamhíocaíochtaí 2021 don Scéim Feirmeoireachta Orgánach (OFS). Tá os cionn €4m á eisiúint chuig 1,000 feirmeoir orgánach sa scéim mar chuid dá rannpháirtíocht sa scéim. Leanfar d’íocaíochtaí a eisiúint gach seachtain chuig na feirmeoirí atá fágtha.
Dúirt an tAire,
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús á chur le réamhíocaíochtaí os cionn €4 milliún chuig thart ar 1000 feirmeoir orgánach faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánach. Beidh an t-airgead seo ina gcuntais bhainc inniu mar aitheantas ar a dtiomantas don fheirmeoireacht orgánach. Ceann dár ngealltanais shoiléire d’fheirmeoirí is ea íocaíochtaí scéime a eisiúint nuair a bhíonn siad dlite agus tá áthas orm a rá go bhfuil na híocaíochtaí seo á n-eisiúint de réir sceidil arís i mbliana. Íocadh gach íocaíocht scéime in am ag my Roinn i mbliana.
Dúirt an tAire
“Tuilleann feirmeoirí sa scéim orgánach na híocaíochtaí seo toisc go bhfuil siad ag seachadadh sochar comhshaoil agus leasa ainmhithe feabhsaithe agus iad ag freagairt d’éileamh an mhargaidh ar bhia a tháirgtear go horgánach. Teastaíonn uaim go smaoineodh níos mó feirmeoirí ar bheith páirteach leo agus beidh an scéim á hathoscailt agam i mí Eanáir 2022 le haghaidh iarratas nua. Féadfaidh feirmeoirí cáiliú le haghaidh íocaíochtaí bliantúla suas le €220 in aghaidh an heicteáir le linn na tréimhse tiontaithe agus suas le €170 in aghaidh an heicteáir nuair a bheidh stádas orgánach iomlán bainte amach acu. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil d’fheirmeoirí gairneoireachta agus curaíochta orgánacha”.
Ba chóir d’aon duine ar spéis leo a bheith páirteach teagmháil a dhéanamh lena gcomhairleoir talmhaíochta nó lena gComhlacht Rialaithe Orgánach ag an bpointe seo chun tús a chur leis an bpróiseas. Reáchtáil Teagasc sraith seimineár gréasáin orgánach le déanaí lena n-áirítear ceann a dhíríonn ar an bpróiseas tiontaithe go feirmeoireacht orgánach. Tá siad seo ar fáil le feiceáil ar láithreán gréasáin Teagasc www.teagasc.ie
Ar deireadh dúirt an tAire:
“Thairg mo Roinn síneadh conartha Scéim Feirmeoireachta Orgánach suas go deireadh 2022 d’aon rannpháirtí a raibh a chonradh le dul in éag ag deireadh na bliana seo. Mholfainn go láidir d’aon duine nár fhreagair an tairiscint sin teagmháil a dhéanamh leis an Roinn a luaithe is féidir. Idir an dá linn leanfaimid orainn ag eisiúint íocaíochtaí gach seachtain
Nóta d’Eagarthóirí:
• Is ionann na réamhíocaíochtaí seo agus 85% den íocaíocht bhliantúil iomlán a thairgtear faoin OFS. Táthar ag súil go ndéanfar an íocaíocht chomhardaithe 15% ina dhiaidh sin i mBealtaine 2022
• Faoi láthair, tá 1765 feirmeoir orgánach rannpháirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánach agus is ionann íocaíochtaí bliantúla faoin Scéim agus thart ar €10.5 milliún.
• Thart ar 90,000 heicteár á dtáirgeadh go horgánach faoi láthair.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannán Orgánach i DAFM ar 053 91 63400 nó trí r-phost chuig organ@agriculture.gov.ie