Fógraíonn an tAire Heydon Beart nua Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Stáit de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus freagracht speisialta air maidir le sábháilteacht ar fheirmeacha, go bhfuil Beart Nua Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha 2023 á oscailt.
Cuirfidh an beart ranníocaíocht airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí rannpháirteacha a chumhdóidh 60% den chostas incháilithe do chlogaid cuadrothair agus do chlúdaigh seafta cumhachtdúiseachta (CD). Tá €1.5m leithdháilte san iomlán chun tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí an trealamh seo a cheannach.
Ag seoladh an bhirt dó, dúirt an tAire Heydon:
"Cabhróidh an Beart nua Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha seo, ar fiú €1.5 milliún é, le feirmeoirí a chosaint agus gach duine eile a úsáideann trealamh CD-chumhachtaithe agus cuadrothair ar fheirmeacha a chosaint ar ghortuithe tromchúiseacha agus marfacha.
“Cuireann infheistíocht i sábháilteacht feabhas ar choinníollacha oibre agus deimhníonn sí gur féidir obair a dhéanamh gan dul i mbaol gortaithe nó báis. Tá an beart seo deartha chun athrú maidir le hiompraíocht a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le cleachtais neamhshábháilte, nós cuadrothar a thiomáint gan chlogad, nó innealra a oibriú le clúdaigh seafta CD fabhtach nó in easnamh.”
Le deich mbliana anuas (2013 – 2022) bhí 10 mbás a raibh baint acu le cuadrothair, beirt acu a bhí faoi 18 agus seisear acu os cionn 65 bliain d'aois. Tá feithiclí agus innealra feirme freagrach as breis is leath na mbásanna ar fheirmeacha, agus tá daoine ar fheirmeacha tar éis gortuithe a d'athraigh a saol a fhulaingt nó bás a fháil i ndiaidh dóibh dul i bhFostú i seaftaí cumhachtdúiseachta (CD).
Cuireann an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte, agus Leas ag an obair 2005 de dhualgas ar fheirmeoirí a dheimhniú go bhfuil gléasra agus innealra sábháilte agus gan phriacal don tsláinte. Ón 20 Samhain 2023, beidh sé éigeantach do gach oibreoir Feithiclí Uileraoin (FURanna /Cuadrothair) oiliúint a fháil agus an Trealamh Cosanta Pearsanta (TCP) cuí a chaitheamh, clogad san áireamh, agus iad ag úsáid na bhfeithiclí sin dá gcuid oibre.
Déanfar an Beart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha a chistiú ón Státchiste. Beidh an Beart ar oscailt ón 21ú Meitheamh 2023 go dtí an 29ú Meán Fómhair 2023 ar www.agfood.ie .
Is é an t-uasmhéid cúnaimh faoin mbeart ná do dhá chlogad cuadrothair (FUR) agus do cheithre chlúdach seafta CD. Beidh an cúnamh deontais ar ráta de 60% faoi réir uaschostais incháilithe de €100 in aghaidh gach clúdach seafta CD agus de €150 in aghaidh gach cuadrothar (FUR).
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha 2023, téigh chuig www.gov.ie/farmsafety.