Fógraíonn an tAire Heydon go gcuirfear tús le hOiliúint Sábháilteachta Feirme arís mar chuid den Scéim Spriocdhírithe um Nuachóiriú Talmhaíochta (TAMS)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD go bhfuiltear ag tosú arís ar oiliúint phearsanta ar shábháilteacht feirme d’iarratasóirí rathúla faoin Scéim Spriocdhírithe um Nuachóiriú Talmhaíochta (TAMS II).
Tá críochnú na hoiliúna seo mar chuid de na riachtanais chun íocaíochtaí a tharraingt anuas ar oibreacha ceadaithe atá curtha i gcrích faoin scéim. Chun éascú a dhéanamh ar dheimhnithe oiliúna an Chóid Chleachtais um Shábháilteacht ar an bhFeirm (COP) a chur isteach agus ar aon dul le Srianta Covid a bhaint, cuirfear tús arís leis an oiliúint seo i bpearsa ón 1 Márta seo chugainn.
Dúirt an tAire Heydon:
“Is meicníocht thábhachtach í TAMS chun tacú le feirmeoirí infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh agus i saoráidí níos nuaí agus níos sábháilte dá bhfeirmeacha. Deis atá ann freisin teachtaireacht na sábháilteachta a chur ar na feirmeacha seo.
“Tá glacadh suntasach feicthe againn faoi TAMS le breis agus 47,000 faomhadh eisithe go dtí seo agus breis agus 25,000 éileamh íocaíochta próiseáilte le haghaidh íocaíochta. Tá oiliúint sábháilteachta feirme tugtha chun críche agus deimhnithe curtha isteach maidir le breis agus 27,000 éileamh íocaíochta, is é sin 27,000 feirm ar cuireadh béim níos géire ar shábháilteacht.”
Mar bheart eatramhach, fanfaidh an tsaoráid chun an cúrsa a dhéanamh ar líne i bhfeidhm go dtí an 1 Iúil 2022 ar bhonn eisceachtúil do rannpháirtithe nach féidir leo freastal ar chúiseanna covid. Cuirfear na cúrsaí ar fad i gcrích de réir threoir shláinte phoiblí an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta a bhí ar fáil ag an am. Déanfar athbhreithniú ar na socruithe seo ag deireadh mhí an Mheithimh.
Dúirt an tAire Heydon:
"Tá modúl sábháilteachta feirme na Scéime Oiliúna Agra-Chomhshaoil (AETS) a seoladh le déanaí an-tábhachtach freisin chun faisnéis sábháilteachta feirme a bheith inrochtana d’fheirmeoirí. Mar aon le cuidiú le feirmeoirí gníomh comhshaoil a dhéanamh, ní mór dúinn a chinntiú go gcosnaítear a sláinte agus a bhfolláine freisin. Tá an scéim AETS oscailte anois d’iarratasóirí agus mholfainn d’aon fheirmeoir ar spéis leis labhairt lena chomhairleoir faoi rannpháirtíocht.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá tuilleadh sonraí ar TAMS ar fáil ag:
Tá tuilleadh sonraí faoin scéim AETS ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/service/30bf5-agri-environment-training-scheme-aets/
Caithfidh gach oiliúnóir a sholáthraíonn oiliúint an Chóid Chleachtais um Shábháilteacht ar an bhFeirm (COP) is gá do TAMS an oiliúint nuashonraithe ar an gcúrsa TAMSII COP a chuir an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta ar fáil a bheith críochnaithe acu.
CRÍOCH